Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Gá le níos mó cinnteachta i dtionscal scannánaíochta na hÉireann – Tuarascáil ón gCoist

12 Iúil 2018, 12:15

Ba cheart don Rialtas féachaint le níos mó cinnteachta a thabhairt d’oibrithe maidir le socruithe oibre i dtionscal scannánaíochta na hÉireann, de réir tuarascáil ón gComhchoiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht maidir le forbairt na hearnála agus coinníollacha oibre san earnáil.

Feictear don Choiste gurb amhlaidh, i gcodanna agus i ngráid áirithe den tionscal, gur ábhar imní iad na téarmaí agus na coinníollacha oibre.  Tá imní ann, a deir sé, go bhféadfaidís dochar a dhéanamh d’oibrithe ó thaobh teidlíochtaí ioncaim, iomarcaíochta agus pinsin de.  Cuireann siad isteach freisin ar chumas oibrithe deacrachtaí san áit oibre a chur in iúl mar gur gá oibrithe nach bhfuil conarthaí buana acu a athearcú arís is arís eile.

Tá na tátail agus na moltaí seo a leanas sa tuarascáil freisin:

•    Cuid lárnach ríthábhachtach de thionscal scannánaíochta na hÉireann is ea Alt 481.  Glacann formhór mór na bpáirtithe leasmhara sa tionscal leis an méid sin.  Fanfaidh Alt 481 ina chuid lárnach den tionscal amach anseo.
•    Ba chóir staidéar comparáideach idirnáisiúnta a dhéanamh chun anailís a dhéanamh ar láidreachtaí agus laigí an chreidmheasa cánach faoi Alt 481.  Ní hé deireadh a chur leis an gcreidmheas atá á mholadh ag an gCoiste, ná baol air, ach é a fhorbairt chun a chinntiú nach bhfuil infheistíocht choigríche áirithe á cailleadh mar thoradh ar an gcaoi a riartar faoi láthair é.  Ní foláir aird a dhíriú ar an gcaoi ar féidir Alt 481 a fheabhsú chun acmhainn tionscail scannánaíochta dúchais atá luachmhar, bisiúil agus inmharthana a fhorbairt.
•    Tá an Coiste ag iarraidh go ndéanfar athleasú ar an oiliúint san earnáil chun a chinntiú go ngabhfaidh cáilíocht aitheanta le gach aon chúrsa oiliúna más féidir, go mbeidh tús agus críoch le hoiliúint, agus nach gcuirfear iallach ar dhaoine oiliúint shonrach a athdhéanamh.  Molann an Coiste cúrsaí oiliúna a chur ar fáil i níos mó áiteanna ar fud na tíre, go dtabharfaí isteach printíseachtaí foirmiúla agus go gcuirfí maoiniú breise ar fáil chun an oiliúint agus an fhorbairt sin a fheabhsú.
•    Tá an Coiste ag iarraidh ar Bhord Scannán na hÉireann Fóram Scannán an Bhoird a dhéanamh, agus Cathaoirleach neamhspleách air, chun go mbeidh na páirtithe leasmhara go léir san earnáil ábalta teacht le chéile agus comhoibriú chun réitigh a théann chun tairbhe do gach duine a fhorbairt don tionscal.
•    Ba chóir go mbeadh deis ag oibrithe sna gráid cheirde den tionscal ionadaithe a ainmniú chuig Bord Scannán na hÉireann chun go gcuirfí a gcuid tuairimí agus a bhfuil uathu san áireamh i bhforbairt an tionscail.
•    Tá an Coiste ag iarraidh cearta cómhargála do shaoroibrithe.
•    Tá an Coiste ag iarraidh tacaíocht Stáit d’aisteoirí a bhfuil neamhchinnteacht i gceist lena ngairm agus struchtúir inmharthana phinsin d’oibrithe i dtionscal scannánaíochta na hÉireann.
•    Tá an Coiste ag iarraidh tuilleadh comhtháthaithe i dtionscal na scannánaíochta ar bhonn thuaidh/theas agus go gcruthófaí struchtúir, pleananna forbartha agus infheistíocht fhoirmiúil thuaidh/theas.
•    Tá an Coiste ag iarraidh ar na ceardchumainn agus ar na heagraíochtaí ionadaíocha féachaint le tuiscint mheasúil a bhaint amach a rachadh chun tairbhe do gach taobh.
•    Ba chóir maoiniú poiblí a cheangal le comhlíonadh caighdeán fostaíochta.

D’ullmhaigh an Comhchoiste an Tuarascáil tar éis cruinnithe le páirtithe leasmhara ón tionscal níos luaithe sa bhliain.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, Peadar Tóibín: “Áit an-tarraingteach is ea Éire i gcomhair léiriú scannán dúchais agus coigríche.  Is é cuspóir an Chomhchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht an earnáil a fhorbairt, a neartú agus a fheabhsú do gach páirtí leasmhar ionas go bhfásfaidh sí tuilleadh.

Le tamall de bhlianta anuas, tá méadú ollmhór tagtha ar an éileamh ar ábhar ar fud na cruinne agus tá sé d’acmhainn ag Éirinn freastal ar an éileamh sin.  Ní foláir do thionscal na scannánaíochta fás agus forbairt chun freastal ar an éileamh sin.  De réir mar a fhásfaidh an tionscal, tiocfaidh dúshláin chun cinn.  Tionscal siombóiseach is ea tionscal na scannánaíochta.  Bíonn na páirtithe leasmhara go léir sa tionscal ag brath ar a chéile, agus cuid ríthábhachtach d’fhorbairt an tionscail is ea an comhar.

Tá an infheistíocht choigríche i dtionscal scannánaíochta na hÉireann fíorthábhachtach.  Is gné lárnach í den fhuinneamh atá sa tionscal.  Ní foláir don Rialtas an infheistíocht choigríche a chur chun cinn go gníomhach agus dreasachtaí a chur ar fáil ina leith.  Tá sé chomh tábhachtach céanna go ndéanfaidh an Rialtas an acmhainn dúchais a fhás le tionscal na scannánaíochta.  Níl an fás dúchais agus an fás coigríche comheisiach.  Is féidir an dá rud a bhaint amach.  Is seasmhach inmharthana an fás agus an fhorbairt dúchais.  Baineann siad le hiolraitheoirí is airde i ngeilleagar na hÉireann agus féadfaidh siad tábhacht a bheith leo ó thaobh Éire a bheith mar mhol idirnáisiúnta don scannánaíocht.

Tá dúshláin ann, mar atá in aon earnáil atá ag fás.  Ní haon eisceacht é tionscal na scannánaíochta.  Creidim go bhfuil sé tábhachtach dul i ngleic leis na dúshláin sin, seachas neamhaird a thabhairt orthu.  Feictear don Choiste, bunaithe ar na héisteachtaí a bhí againn, go bhfuiltear ag comhaontú i gcoitinne ar a bhfuil le baint amach.  Is amhlaidh go bhfuil tuairimí eile ann freisin ar gá éisteacht leo.  Níl aon amhras orm nach féidir na dúshláin sin a réiteach, ach na páirtithe leasmhara go léir do léiriú dea-thola agus an Rialtas do dhíriú go géar orthu.

Tá súil againn go mbeidh an tuarascáil ina cabhair chun tús a chur leis an bpróiseas sin ar mhaithe leis na páirtithe leasmhara go léir.”

Tá an tuarascáil ina hiomláine ar fáil anseo: https://data.oireachtas.ie/ie/oireachtas/committee/dail/32/joint_committee_on_culture_heritage_and_the_gaeltacht/reports/2018/2018-07-12_development-and-working-conditions-in-the-irish-film-industry_en.pdf

Barr
Roinn