26 Iúil 2018, 13:47
Tá Scéim Teanga nua foilsithe ag Tithe an Oireachtais ina sonraítear na seirbhísí a sholáthróidh siad trí mheán na Gaeilge, trí mheán an Bhéarla agus go dátheangach.
Tá ar áireamh in An Scéim Teanga, 2018 ó Sheirbhís Thithe an Oireachtais sraith de ghealltanais úra, mar aon le beartais atá i bhfeidhm i dTeach Laighean ón mbliain 2012 i leith, mar chuid d’iarrachtaí an Stáit úsáid na Gaeilge a chur chun cinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
Is ar an 1 Lúnasa a bheidh éifeacht oifigiúil leis an Scéim Teanga, 2018, atá á cur ar fáil tar éis 8 mí de chomhairliúchán inmheánach agus poiblí a rinneadh chun croí-riachtanais agus croí-spriocanna a aithint. Cheadaigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an scéim deiridh níos luaithe an mhí seo agus tá sí taiscthe leis an gCoimisinéir Teanga anois.
Is iad seo a leanas roinnt de na príomhghealltanais atá sa Scéim:
- Oibreoidh Seirbhís Thithe an Oireachtais chun a chinntiú go mbeidh turais ar Theach Laighean ar fáil sa dá theanga oifigiúla.
- Beidh na pleananna ceachta do scoileanna a fhorbróidh an tOifigeach Oideachais ar fáil sa dá theanga oifigiúla.
- Beidh an t-ábhar statach ar fad ar shuíomh gréasáin an Oireachtais dátheangach agus beidh aon nuashonrú ar an ábhar sin as seo amach dátheangach.
- Beidh an Ghaeilge lárnach i gclár imeachtaí an Oireachtais don bhliain 2019 lena n-áirítear na Comórthaí Céad Bliain ar an gcéad suí de Dháil Éireann.
- Beidh an teicneolaíocht le haghaidh an aistriúcháin chomhuainigh (ateangaireacht) ar fáil i ngach ceann de na ceithre sheomra Coiste.
Déanfar an Scéim nua a chur i bhfeidhm i gcomhthráth le Straitéis Teanga Thithe an Oireachtais, Straitéis na Gaeilge, a foilsíodh i mí an Mhárta 2018. Is é aidhm na Straitéise sin atmaisféar dearfach, fáilteach i leith úsáid na Gaeilge a chothú sna Tithe.
Is féidir An Scéim Teanga, 2018 a léamh anseo.
Tá tuilleadh eolais faoi chur chuige ginearálta an Oireachtais maidir le húsáid na Gaeilge a spreagadh ar fáil anseo.
Fiosrúcháin ó na meáin
Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews