24 DFómh 2018, 15:21
Déardaoin seo chugainn, déanfaidh ceannairí na gníomhaireachta uile-Éireann um chur chun cinn sábháilteachta bia plé ar a gcuid oibre agus impleachtaí ionchasacha Brexit ag an gComhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Beidh an cruinniú ar siúl ar 2.15 p.m., i Seomra Coiste 4 agus is féidir é a fheiceáil beo anseo agus ar fheistí Android agus Apple ach feidhmchlár Thithe an Oireachtais a úsáid.
Tá Safefood, arna stíliú safefood, ar ceann de na sé chomhlacht trasteorann a cruthaíodh faoi théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998. Lonnaithe i gCorcaigh, tá de chúram ar an eagraíocht sábháilteacht bhia agus caitheamh bia shláintiúil a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireann.
Is iad finnéithe sceidealta Safefood
- Príomhfheidhmeannach, Ray Dolan,
- Leaschathaoirleach, Paul Gibbons,
- Stiúrthóir Oibríochtaí Corparáide, Patricia Fitzgerald agus
- Stiúrthóir Eolaíocht an Bhia, Gary Kearney.
Fiosrúcháin ó na meáin
Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews