Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht chun an straitéis 5 bliana de chuid na Comhairle Oidhreachta a phlé

13 Samh 2018, 10:02

Déanfaidh an Comhchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht an straitéis 5 bliana de chuid na Comhairle Oidhreachta a phlé ag a chruinniú, Dé Céadaoin, ar 1.30 p.m.

Socraítear leis an doiciméad straitéise Heritage at the Heart sraith cuspóirí atá le baint amach faoi 2022. Orthu siúd, tá an aidhm ceiliúradh agus cuimhneacháin ar an oidhreacht a chur i gcroílár pobal ar fud na hÉireann trí Líonra Oifigeach Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil.

Ar na finnéithe sceidealta, beidh Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, Micheal Starrett agus ionadaithe ó Líonra Oifigeach Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil.

Is féidir na himeachtaí i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin

Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn