Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige chun faisnéis a thabhairt do Choiste na Gaeilge faoi bhearta chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta

19 Samh 2018, 14:50

Tiocfaidh ionadaithe ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán nuair a bheidh cruinniú den Choiste ann amárach.

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD., “Díreofar sa chruinniú amárach againn ar leibhéal agus cáilíocht na seirbhísí a sholáthraíonn an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige i nGaeilge. Is mian le comhaltaí an Choiste cloisteáil faoina mhéid a chomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla agus a sholáthraítear seirbhísí do limistéir Ghaeltachta agus do phobal labhartha na Gaeilge. Pléifimid freisin na dúshláin atá roimh an earnáil oideachais luath-óige i limistéir Ghaeltachta agus na slite ina dtacaíonn an Roinn le cúram leanaí trí Ghaeilge/le hoideachas luath-óige a sholáthar i limistéir Ghaeltacha.”

Tosóidh an cruinniú ar 4 p.m., i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo

Fiosrúcháin ó na meáin

Nuala Walsh, 
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2.
+353 1 618 3437
+353 86 4100 898
nuala.walsh@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn