Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Dhlí agus Ceart chun breithniú a dhéanamh ar an mBille um Bannaí (Leasú) 2017

3 Noll 2018, 17:05

Breithneoidh an Comhchoiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas an Bille um Bannaí (Leasú) 2017, Dé Céadaoin ar 9 a.m.

Beartaítear leis an mBille Comhaltaí Príobháideacha forais nua le haghaidh diúltú do choinníollacha bannaí agus ceanglais nua le haghaidh faireachán leictreonach in imthosca áirithe ina ndeonaítear bannaí, a thabhairt isteach.

Ar na finnéithe sceidealta, beidh

  • Séamus Ó Ceallacháin TD, tionscnóir an Bhille
  • Mary Rogan, Ollamh Comhlach le Dlí i gColáiste na Trionóide, Baile Átha Cliath
  • Joan Deane, Leaschathaoirleach AdVIC (Tacadóirí le hÍospartaigh Dhúnbháis)
  • Deirdre Malone, Stiúrthóir Feidhmeach Iontaobhas na hÉireann um Athchóiriú an Chórais Choiriúil

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 2 a fheiceáil beo anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin

Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn