Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Leanaí agus Gnóthaí Óige chun an t athbhreithniú oibríochtúil ar Champas Bhaile an Oibricigh a phlé

14 Noll 2018, 17:39

Tabharfaidh an Comhchoiste um Leanaí agus Gnóthaí Óige faoin athbhreithniú oibríochtúil ar Champas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh a phlé Dé Máirt ar 5 p.m.

I mí an Mheithimh, d’fhoilsigh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Katherine Zappone TD, an tuarascáil eatramhach agus an tuarascáil chríochnaitheach ón nGasra um Fhorfheidhmiú an Athbhreithnithe ar Champas Bhaile an Oibricigh.

“San athbhreithniú ar Champas Bhaile an Oibricigh, díríodh ar fhéinmharú agus féindochar a laghdú, ar úsáid dornasc, ar bhainistiú iompair agus ar shlándáil imlíne. Is é is tábhachtaí ar fad ná dea-bhail gach ógánaigh i mBaile an Oibricigh,” a dúirt Cathaoirleach an Choiste, Ailín Ó Fearghail TD.

“Tá an Coiste ar bís chun tuairisc nua-shonraithe a fháil ar an dul chun cinn i dtaobh na hathruithe is gá a chur i ngníomh i mBaile an Oibricigh, agus chun na mionsonraí a chloisteáil faoi cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an Stát an dualgas cúraim atá air i leith daoine óga atá faoina choimeád a chomhlíonadh,” a dúirt an Teachta Ó Fearghail.

“Féadfaidh Comhaltaí freisin faisnéis a lorg ón Aire maidir le tuarascáil ar leithligh, a táirgeadh tar éis teagmhais a tharla ar Champas Bhaile an Oibricigh in 2016, ach nár foilsíodh.”

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 3 a fheiceáil beo anseo.

Léigh na tuarascálacha ar an athbhreithniú ar Champas Bhaile an Oibricigh anseo.

Féach ar an scagadh staitistiúil is déanaí maidir le Campas Bhaile an Oibricigh anseo.

 

Fiosrúcháin ó na meáin

Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn