21 Ean 2019, 18:43
Déanfaidh an Comhchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht an iliomad bealaí ar a gcuireann na healaíona le saol na hÉireann a chíoradh Dé Céadaoin ar 1:30 p.m.
Ar na finnéithe sceidealta, beidh:
• Garry Hynes, stiúrthóir ealaíne Amharclann an Druid
• Philip King, ceoltóir agus scannánóir
• An Br. Mark Patrick Hederman, iar-ab Scoil Mhainistir Ghleann Stail
• Theo Dorgan, file agus scríbhneoir
Is é a dúirt Cathaoirleach an Choiste, Aengus Ó Snodaigh, T.D.: “Tá na finnéithe seo againne ar na meoin chruthaitheacha is uaisle in Éirinn inniu. Tá an Coiste ag tnúth le measúnú a dhéanamh ar luach na n-ealaíon in Éirinn inniu agus le plé a dhéanamh ar na bealaí is fearr ar ar féidir linne, mar shochaí, cruthaitheacht an duine agus an phobail a chothú sa domhan digitithe idirnasctha.”
Is féidir na himeachtaí i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo anseo.
Fiosrúcháin ó na meáin
Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews