Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Iompar, Turasóireacht & Spórt chun plé a dhéanamh ar an mBreatimeacht agus Cúrsaí Iompair

5 Feabh 2019, 09:08

Buailfidh an Comhchoiste um Iompar, Turasóireacht agus Spórt le chéile amárach (Dé Céadaoin) ag 13.30 i Seomra Coiste 1, Teach Laighean chun an Breatimeacht agus Cúrsaí Iompair in Éirinn a phlé.

Agus an Ríocht Aontaithe ag imeacht as an Aontas Eorpach an 29 Márta, pléifidh an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane Ross TD na hullmhúcháin atá á ndéanamh i gcomhair an Bhreatimeachta, agus na himpleachtaí a bheidh aige, ar chúrsaí iompair in Éirinn, go háirithe, i gcás nach dtiocfar ar aon réiteach.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, Cathaoirleach an Choiste Fergus O’Dowd TD, roimh an gcruinniú: “Tá fonn ar an gCoiste scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna atá os ár gcomhair maidir leis an mBreatimeacht, agus an tionchar a bheidh aige ar chúrsaí iompair ar fud na tíre, go háirithe i gcás nach dtiocfar ar aon réiteach.

“Agus muid ag smaoineamh air sin, cuireann comhaltaí uile an Choiste fáilte mhór roimh an deis éisteacht leis an Aire Shane Ross TD,” a dúirt an Teachta O’Dowd.

“D’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag an mBreatimeacht ar go leor réimsí Iompair ar fud na hÉireann, idir eitiltí, oibrithe agus dhaoine a théann trasna na teorann go laethúil, agus an tionchar foriomlán ar an ngeilleagar ó tharlú bóthair go dtí an turasóireacht, agus go leor leor rudaí eile.”

Is féidir féachaint ar imeachtaí an Choiste beo anseo: https://www.oireachtas.ie/en/oireachtas-tv/cr1-live/
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil go soghluaiste freisin, trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.

Barr
Roinn