Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltachta chun caomhnú bhithéagsúlacht agus éiceachórais na bportach a plé

5 Feabh 2019, 14:10

Déanfaidh an Comhchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltachta caomhnú bhithéagsúlacht agus éiceachórais na bportach a plé, Dé Céadaoin ar 1.30 p.m.

Ar na finnéithe sceidealta, beidh

  • Catherine Farrell, ceann na héiceolaíochta ag Bord na Móna
  • Stuart Conaty, bainisteoir talún agus maoine ag Bord na Móna
  • Catherine O’Connell, príomhfheidhmeannach Chomhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann
  • Pádraic Fogarty, oifigeach feachtas d’Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann
  • Oifigigh phortach agus bhithéagsúlachta ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

"Is de dhlúth agus d’inneach thírdhreach na hÉireann na portaigh, ar foinse thraidisiúnta iad don tionsclaíocht agus don fhuinneamh agus áit leochaileach mar a bhfásann iliomad plandaí agus ainmhithe atá gann,” arsa Cathaoirleach an Choiste Aengus Ó Snodaigh TD. “Tá an Coiste ag tnúth le plé a dhéanamh le hoifigigh éiceolaíochta agus bainistithe talún maidir le conas is fearr is féidir na gnáthóga seo a chaomhnú d’fhlóra agus fána nach féidir a chomhshamhail a sholáthar."

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin

Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn