Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Achainíocha le breithniú a dhéanamh ar achainíocha maidir le Tionól Saoránach uile-Éireann agus le bearta chun deireadh a chur le feirmeacha coileán

12 Feabh 2019, 13:08

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Achainíocha ón bPobal Dé Céadaoin ar 1.30 p.m., chun breithniú a dhéanamh ar achainíocha ar raon mór ábhar. 

Iarrtar le hachainí amháin Tionól Saoránach uile-Éireann a bhunú chun plé a dhéanamh ar an bpoitéinseal le haghaidh aontaithe. Molann an t-achainíoch go bhféadfadh an tionól beartaithe seo reifreann uile-Éireann maidir le haontú na hÉireann a dhréachtú.

Iarrtar leis an dara achainí sraith athchóirithe chun uasteorainn a chur leis an líon madraí a choinníonn síolraitheoirí, chun sláinte madraí agus tacaíochtaí dea-shláinte do mhadraí a fheabhsú, chun vacsaíniú a dhéanamh go luath chun scaipeadh an pharvavíris mharfaigh chainínigh a chosc agus chun deireadh a chur le hoibriú saoráidí síolrúcháin mórscála tráchtála, ar a dtugtar “feirmeacha coileán.”

“Tá sé ina mhisean ag an gCoiste ról a thabhairt do dhaoine den phobal maidir le saincheisteanna cásmhara a chur os comhair an Oireachtais go díreach agus maidir le tionchar a bheith acu ar athruithe ar an mbeartas poiblí nuair is gá sin,” arsa Cathaoirleach an Choiste Seán Ó Searlóg TD. “Déanfaimid breithniú iomlán orthu seo sula bhfógróimid i seisiún poiblí, an bhreith i gcás gach ceann acu.”

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 1 a fheiceáil beo anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin

Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn