Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun Seirbhísí Dátheangacha i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a phlé

25 Feabh 2019, 10:03

Tiocfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le chéile Dé Máirt tráth a chloisfidh sé faoi Sheirbhísí Dátheangacha ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD, “Fáiltíonn an Coiste roimh an deis plé a dhéanamh le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.”

Tá sé de dhualgas ar gach comhlacht seirbhíse poiblí rogha a thabhairt do shaoránaigh na hÉireann a ngnó a dhéanamh leis an gcomhlacht poiblí sin trí mheán na teanga oifigiúla is rogha leo, Gaeilge nó Béarla.

Dúirt an Teachta Ní Chonghaile freisin: “Beidh spéis ar leith ag na Comhaltaí a chloisteáil faoin gcaoi a mbeartaíonn an eagraíocht leathnú ar úsáid na Gaeilge a chur chun cinn.”

Tá sé tábhachtach go bhfreastalófar don fhreagracht seo i ndáiríre agus nach mbeidh daoine arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga (limistéir Ghaeltachta) nó arb í an Ghaeilge a rogha teanga (pobal labhartha na Gaeilge ar fud na hÉireann) faoi mhíbhuntáiste ó thaobh na seirbhíse a fhaigheann siad mar gheall ar an rogha a dhéanann siad a ngnó a dhéanamh i bpríomhtheanga an Stáit.

Tá sé tábhachtach freisin nach gcuirfear iad ó sheirbhís den sórt sin a iarraidh de dheasca í a bheith ar íoschaighdeán, go bhfuil sé deacair nó dodhéanta rochtain a fháil uirthi, agus gurb é an toradh a bheidh air sin gur measa an tseirbhís a sholáthrófar ná seirbhís a d’iarrfaí trí mheán an Bhéarla.

Mar fhocal scoir, dúirt an Teachta Ní Chonghaile: “Cuirimid fáilte mhór roimh an deis plé a dhéanamh le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ceisteanna a chur uirthi maidir lena dtiomantas i leith Seirbhísí Dátheangacha, agus roimh léargas ar chuspóirí agus bheartais.”
 
Tosóidh an cruinniú ar 4pm i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil beo anseo: https://www.oireachtas.ie/ga/oireachtas-tv/cr4-live/

Barr
Roinn