Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Achainíocha chun breithniú a dhéanamh ar achainíocha ar thaighde núicléach, stádas cathrach do Dhroichead Átha agus saoránaigh de RA in Éirinn

26 Feabh 2019, 13:15

Dé Céadaoin ar 1.30 p.m., déanfaidh an Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal breithniú ar achainíocha a bhaineann le taighde núicléach, saoránaigh de RA in Éirinn agus stádas cathrach do Dhroichead Átha sa todhchaí. 

Iarrtar le hachainí amháin ar Éirinn ballraíocht a bhaint amach san Eagraíocht Eorpach um Thaighde Núicléach atá bunaithe sa Ghinéiv, á mhaíomh gur mó an tairbhe eolaíochta agus eacnamaíochta ná na costais a bhaineann le ballraíocht.

Iarrtar leis an dara achainí ar Éirinn, i gcás Brexit gan chomhaontú, eadóirseacht shaor in aisce a thabhairt do shaoránaigh de RA atá ina gcónaí in Éirinn le cúig bliana anuas, ar a laghad.

Leis an tríú ceann, ón gCoiste um Stádas Cathrach do Dhroichead Átha, iarrtar ainmniú oifigiúil mar chathair do Dhroichead Átha, seachas a ainmniú láithreach mar bhaile.

“Is é an ról atá ag an gCoiste deis a thabhairt do dhaoine den phobal saincheisteanna cásmhara a chur os comhair an Oireachtais go díreach agus tionchar a bheith acu ar athruithe ar an mbeartas poiblí nuair is gá sin,” arsa Cathaoirleach an Choiste Seán Ó Searlóg TD. “Déanfaimid breithniú iomlán ar na hachainíocha seo sula bhfógróimid i seisiún poiblí, an bhreith i gcás gach ceann acu.”

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 1 a fheiceáil beo anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin

Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn