Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Labhróidh ceithre scoil ag cruinniú de Choiste na Gaeilge mar chomóradh ar Sheachtain na Gaeilge

11 Márta 2019, 14:00

Tá cuireadh tugtha ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán do cheithre scoil aitheasc a thabhairt dó Dé Máirt seo chugainn.

Ón mbliain 2012 anuas, is nós leis an gCoiste seo agus lena réamhtheachtaithe leas a bhaint as Seachtain na Gaeilge chun deis a thabhairt d’ógánaigh labhairt le Comhaltaí den Oireachtas ar ábhair reatha éagsúla.

Tugadh cuireadh le blianta beaga anuas do mhic léinn scoileanna éagsúla as Aontroim, Corcaigh, Dún na nGall, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Cill Dara, Maigh Eo agus Port Láirge agus i mbliana tá cuireadh tugadh ag an gCoiste do mhic léinn as Coláiste Íde, Baile an Ghóilín, Daingean Uí Chúis, Co Chiarraí; Gaelcholáiste Cheatharlach, Easca, Ceatharlach; Gaelcholáiste Dhoire, Caisleán Dhún Geimhin, Dún Geimhin, Co Dhoire; and Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co Chiarraí.

Tugadh cuireadh do na mic léinn a gcuid smaointe agus tograí ar na hábhair seo a leanas a chur i láthair:

  • Éire, an Bhreatain agus an Eoraip
  • Na Meáin Shóisialta – Beannacht nó Mallacht
  • An Fheirmeoireacht agus an Timpeallacht

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD, “Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis plé a dhéanamh le hógánaigh ar ábhair éagsúla agus tá sé tábhachtach go mbíonn deis ag daoine óga labhairt ar ábhair éagsúla ina bpríomhtheanga.”
Tosóidh an cruinniú ar 4pm i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil beo anseo: https://www.oireachtas.ie/en/oireachtas-tv/cr4-live/

Barr
Roinn