Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Irish Language Committee to discuss Bilingual Services in the Department of Agriculture, Food and the Marine

25 Márta 2019, 03:03

 

Tiocfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Dé Máirt nuair a thiocfaidh an Coiste le chéile chun cuspóirí na heagraíochta maidir lena seirbhísí Gaeilge agus dátheangacha a phlé.

 

 

 

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD, “Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an deis plé a dhéanamh leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir lena n-aidhmeanna ó thaobh seirbhísí Gaeilge agus dátheangacha de. Beidh spéis ar leith ag na Comhaltaí a chloisteáil faoin gcaoi a mbeartaíonn an eagraíocht leathnú ar úsáid na Gaeilge a chur chun cinn.”

 

Tosóidh an cruinniú ar 4pm i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

 

Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil beo anseo: https://www.oireachtas.ie/en/oireachtas-tv/cr4-live/

 

Barr
Roinn