Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Chiarraí Dé Luain

29 Márta 2019, 12:13

Rachaidh toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán den Oireachtas go dtí Gaeltacht Chiarraí Dé Luain an 1 Aibreán.

Beidh cruinniú ag an gCoiste le grúpaí agus daoine áitiúla sa Chomharchumann i mBaile an Fheirtéaraigh agus pléifidh sé cúrsaí eacnamaíochta, teanga, cultúir agus oideachais.
Tá cuireadh tugtha ag an gCoiste do na comharchumainn, ionaid cúraim leanaí, scoileanna, cumainn CLG agus ionadaithe tofa áitiúla páirt a ghlacadh sa dá chruinniú.
Sa chéad chruinniú 9.30-12.00, pléifear Forbairt Eacnamaíochta agus Shóisialta Ghaeltacht Chorca Dhuibhne.
San iarnóin, 3.30-6.00, an Ghaeilge, an Ghaeltacht, Cultúr agus Oideachas ábhar na cainte.
Glacfaidh an Teachta Dála Caitríona Ní Chonghaile, an Teachta Dála Aindrias Ó Muimhneacháin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, an Teachta Dála Fergus O’Dowd, an Seanadóir Rónán Mullen and an Seanadóir Seosamh Ó Raghallaigh páirt, gach duine acu, sa toscaireacht.
De dhroim na cuairte seo, tuairisceoidh an Coiste don Chomhchoiste, don Dáil agus don Seanad faoina chuid fionnachtana.
Tá an Coiste ag tnúth le plé a dhéanamh le pobal Chorca Dhuibhne.

Barr
Roinn