Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga do 2018 a phlé

20 Beal 2019, 11:57

Tiocfaidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Dé Máirt nuair a thiocfaidh an Coiste le chéile chun an tuarascáil bhliantúil óna oifig do 2018 a phlé.

Tosóidh an cruinniú ar 4pm i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD, “Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an deis plé a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill. Ba tháirgiúil agus ba thábhachtach an bhliain í 2018 don Choimisinéir Teanga. 

Rinneadh roinnt inscrúdúchán fíorthábhachtach a bhaineann le deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí trí Ghaeilge, ar leibhéal náisiúnta agus sa Ghaeltacht, a thionscnamh agus a thabhairt chun críche.

Is é a dúirt an Teachta Ní Chonghaile freisin: “Bunaíodh córas nua faireacháin freisin de dheasca a laige an bhí córas na Scéimeanna Teanga, rud a d’fhág go raibh acmhainní faireacháin na hOifige, den chuid is mó, dírithe ar scéimeanna a bhí, ó  am go chéile, lochtach nó mí-eifeachtach. Tógfaidh sé roinnt ama sara mbunófar an córas faireacháin go hiomlán, ach is forbairt dhearfach í.

Pléifidh na finnéithe freisin an tuarascáil ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar Cheannteidil an Bhille i mí Bhealtaine 2018. Ba chuimsitheach an tuarascáil í agus is fiú breithniú tuilleadh ar na moltaí a rinne an Coiste.


Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil beo anseo.

Barr
Roinn