Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun tuarascáil a sheoladh ar na dúshláin atá roimh Chraolachán Gaeilge

11 Meith 2019, 12:46

Coiste na Gaeilge chun tuarascáil a sheoladh ar na dúshláin atá roimh Chraolachán Gaeilge

Déanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, inniu, Dé Máirt, tuarascáil a sheoladh ar na dúshláin atá roimh chraolachán Gaeilge.

Beidh an seoladh ar siúl i seomra closamhairc Theach Laighean ar 2pm. Beidh an tuarascáil ar fáil anseo le breathnú uirthi ó 3pm inniu.

Tá na torthaí agus na moltaí inti bunaithe ar fhianaise a chuir páirtithe leasmhara i láthair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus ar an athbhreithniú agus ar an mbreithniú a rinne comhaltaí an Chomhchoiste ar an bhfianaise sin.

Sa tuarascáil chuimsitheach seo, tugann an Comhchoiste faoi léargas a sholáthar ar staid chraolachán na Gaeilge laistigh den earnáil chraolacháin agus tarraingíonn sé aird ar leith ar réimsí na reachtaíochta, na rialála, an mhaoiniúcháin, an chaiteachais, an ábhair craolacháin, an lucht féachana agus éisteachta, agus an fhotheidealaithe.

Maidir leis an reachtaíocht agus an rialáil, moltar sa tuarascáil seo go neartófar na hailt iomchuí d’Acht 2009 chun a chur ar chumas Údarás Craolacháin na hÉireann beartais réamhghníomhacha Gaeilge a fhorbairt i gcomhar le craoltóirí an Stáit. Moltar inti freisin gur cheart craolachán na Gaeilge a aithint mar phríomhdhualgas in aon mhíniú ar chraolachán seirbhíse poiblí agus in aon reachtaíocht leasaithe nó nua-dhréachtaithe a bhaineann leis an earnáil chumarsáide.

Maidir le ‘maoiniú agus caiteachas’, moltar sa tuarascáil go ndéanfaidh an Rialtas an laghdú de €6,000,000 i maoiniú TG4, a tharla mar gheall ar an gcúlú eacnamaíoch le déanaí, a chur ar ceal.

Maidir le ‘ábhar craolacháin’, moltar sa tuarascáil gur cheart d’Údarás Craolacháin na hÉireann, le linn dó athbhreithniú a dhéanamh ar aon cheann dá scéimeanna maoiniúcháin a bhaineann le hábhar craolacháin, aird ar leith a thabhairt ar shaincheist na gcineálacha éagsúla clár Gaeilge a bhíonn á léiriú agus á gcraoladh.

Maidir le ‘lucht féachana agus lucht éisteachta’, moltar sa tuarascáil gur cheart do chraoltóirí i gcoitinne a aithint gurb ann do lucht féachana agus lucht éisteachta Gaeilge agus gur cheart do chraoltóirí freastal ar riachtanais an phobail sin agus gur cheart dóibh na riachtanais éagsúla a aithint de réir aoise, ábhair spéise, cúlra socheacnamaíoch, etc.

Maidir le fotheidil, moltar sa tuarascáil go méadófar an soláthar fotheidealaithe sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon agus go n-aithneofar na canúintí éagsúla sa Ghaeilge sa soláthar sin.

Barr
Roinn