Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Taiscí Leabharlann an Oireachtais seolta mar chuid de cheiliúradh Dáil 100

12 Meith 2019, 11:00

Nochtadh roinnt míreanna neamhghnácha inniu a bhfuil tábhacht náisiúnta leo agus Taiscí Leabharlann an Oireachtais á seoladh ag Ceann Comhairle Dháil Éireann, Seán Ó Fearghaíl TD i dTeach Laighean.

Mar chuid de cheiliúradh Dáil100, tá cuireadh tugtha ag Leabharlann an Oireachtais d'aoi-choimeádaithe an taisce ina bailiúchán a thaiscéaladh agus na míreanna is fearr leo a roghnú. Cuimsítear sna Bailiúcháin Speisialta an tréimhse ó dheireadh an séú céad déag i leith agus áirítear orthu monagraif stairiúla, léarscáileanna, tréimhseacháin, cartúin, priontaí, agus paimfléid. Is peirspictíocht leithleach iad seo ar an gcaidreamh Angla-Éireannach agus ar chúrsaí riaracháin le linn an ochtú agus an naoú céad déag.

Chuala a raibh i láthair ag an seoladh óráid ón gCeann Comhairle inar léirigh sé inneachair leabhráin ina raibh trí achainí: dhá cheann ag Éirinn ar Mheiriceá i mí an Mheithimh 1917 agus ceann ag Meiriceá ar Éirinn i mí na Bealtaine 1775. Is éard atá sa chéad achainí litir oscailte chuig an Uachtarán Woodrow Wilson ó Phádraig Mac Artáin, dochtúir leighis, réabhlóidí, agus polaiteoir. Cuirtear síos inti ar an nasc idir Éire agus Meiriceá, Réabhlóid Mheiriceá, iarrachtaí na hÉireann ar son neamhspleáchais, agus iarrachtaí Shasana a rialú féin ar Éirinn a choinneáil.


Tháinig an dara achainí ó ghrúpa d’Óglaigh na hÉireann chuig Comhdháil agus Uachtarán SAM. Is éard atá sa tríú achainí sliocht as Chín Lae na Comhdhála arna ullmhú ag toscairí a ceapadh ag na Coilíneachtaí Aontaithe sa Chomhdháil Ghinearálta, Philadelphia, 1775. Is ar phobal na hÉireann atá an achainí seo dírithe. Deirtear ann cad a spreag iad chun dul i mbun arm agus léirítear ann forneart Shasana i gcoinne na Meiriceánach agus luaitear ann go dtairisceodh Stáit Aontaithe Mheiriceá “tearmann sábháilte’ d’Éireannaigh.
Chuir Ceann Comhairle Dháil Éireann, Seán Ó Fearghaíl TD in iúl a shásta a bhí sé gur cuireadh bailiúchán den sórt seo ar fáil don phobal i dtaispeántas ar líne.


Dúirt an Ceann Comhairle: “Tá áthas orm gur oscail Tithe an Oireachtais na bailiúcháin againn don phobal is líonmhaire is féidir, agus taispeánfar, de bharr na hábhair seo a bheith ar fáil go digiteach freisin, a leithne agus a éagsúla atá inneachair na mBailiúchán Spesialta againn.”
Ag an seoladh, phléigh an Ceann Comhairle an taiscéaladh a rinne sé ar mhíreanna a bhaineann le haistear na hÉireann i dtreo féin-rialachais, agus is inspéise é gur tugadh cuireadh do na haoi-choimeádaithe freisin, roimh an seoladh, na taiscí sa bhailiúchán againn a thaiscéaladh agus na míreanna ab fhearr leo a roghnú.


Nocht Martyn Turner, cartúnaí polaitiúil leis an Irish Times, bailiúchán cartún fíorspeisiúil ón naoú gcéad déag, nach bhfuil ann ach cuid amháin de Thaiscí Leabharlann an Oireachtais.
Rinne an Dr. Aoife Whelan, léachtóir i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, taiscéaladh ar mhíreanna Oireachtais a bhaineann leis an nGaeilge agus rinne John Lonergan, iar-Ghobharnóir Phríosún Mhuinseo, mion-chur síos ar stair na bpríosún agus an athchóirithe ar an gcóras pionós in Éirinn.


Ó thaobh Leabharlann an Oireachtais de, tháinig deireadh le tionscadal mór cur chun cinn agus for-rochtana leis an seoladh maidin Dé Céadaoin, agus saibhreofar na taiscí tuilleadh sna blianta amach romhainn trí ábhar breise a chur leo.
Mhínigh an Ceann Comhairle: “Is féidir linn, de bharr sholáthar thaiscí Leabharlann an Oireachtais ar mhodh atá chomh nuálaíoch, agus ábhar meán measctha á úsáid chun idirghabháil a fheabhsú, taiscí eile a chur leis mar chuid de bhailiúchán leithleach a chothabhálfar agus a gcuirfear leis ar feadh na nglúnta atá le teacht.


Cliceáil anseo chun breathnú ar shuíomh gréasáin Thaiscí Leabharlann an Oireachtais chun brabhsáil a dhéanamh ar ár ngailearaithe íomhánna, físeán agus téacs


Eiseofar griangraif den seoladh go luath chuig deasca pictiúir ó Maxwell Photography, 01-8308072 nó office@maxwellphotography.ie.

Barr
Roinn