Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar thogra le haghaidh scoil i gceantar Bhaile Munna

1 Iúil 2019, 17:23

Beidh Coiste Ghaelcholáiste Bhaile Munna ag teacht os comhair Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán amárach, Dé Máirt, nuair a bhuailfidh an comhchoiste le chéile chun a thogra maidir le ceantar Bhaile Munna a phlé.

Cuirfear tús leis an gcruinniú ar 4pm i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

 

Is coiste neamhspleách é Coiste Ghaelcholáiste Bhaile Munna a bhfuil mar phríomhaidhm aige iarbhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú i gceantar Bhaile Munna. Is é a bheadh mar chuspóir dó sin iarbhunscoil a bheith ar fáil a ghlacfaidh isteach na daltaí atá ag freastal cheana féin ar na bunscoileanna lán-Ghaeilge ar fud thuaisceart Bhaile Átha Cliath.

 

Scoil il-sainchreidmheach chomhoideachais a bheidh inti agus leagfar béim ar an teicneolaíocht, an spórt agus an cultúr (lena n-áirítear ealaíon, ceol agus dráma). Is é Baile Munna an áit atá beartaithe lena lonnú, toisc rochtain a bheith uirthi go furasta ag na bunscoileanna lán-Ghaeilge go léir atá sa limistéar sin (an Chúlóg, Baile Munna, Fionnghlas, Glas Naíon, an Chabrach agus Baile Bhlainséir).

 

Agus í ag caint roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Catherine Connolly, “Fáiltíonn an Coiste roimh an deis chun éisteacht le Coiste Ghaelcholáiste Bhaile Munna agus lena bhfuil sa togra aige maidir le hiarbhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath.”

 

Ba mhaith le Comhaltaí an Choiste a fháil amach, go háirithe, faoin obair dhian atá á déanamh ag an eagraíocht chun an Ghaeilge a chur chun cinn ionas go n-úsáidfear níos minice í sa chuid sin de Bhaile Átha Cliath ina bhféadfadh scoilcheantar mór a bheith ann ó thaobh líon daltaí agus daonra de.” 

 

Is féidir imeachtaí coiste a bhreathnú beo anseo.

Barr
Roinn