Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Líon na n-éan in Éirinn le plé ag an gComhchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht

1 Iúil 2019, 17:00

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht amárach chun plé a dhéanamh ar a bhfuil ag tarlú do líon na n-éan in Éirinn, agus ar nithe gaolmhara.

Déanfar an plé le Cairde Éanlaith Éireann, agus cuirfear tús le cruinniú an Choiste ar 2pm i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

Is carthanas cláraithe é Cairde Éanlaith Éireann, agus mana acu éin agus bithéagsúlacht a chosaint agus bhíonn sé ag gabháil do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

-Taighde leathan eolaíoch agus obair leathan shuirbhéireachta maidir le héin na hÉireann a dhéanamh.
-Tionscadail caomhnaithe fheidhmigh a oibriú agus gréasán anaclann a bhainistiú ar fud na tíre.
-Beartais a ullmhú, agus tacú le beartais, chun éin na hÉireann agus a ngnáthóga a chosaint agus a chaomhnú.
-An tábhacht le héin fhiáine agus le bithéagsúlacht a chur chun cinn trí oideachas allamuigh, trí mheáin thiomnaithe agus trí na meáin náisiúnta.
-Tógáil ar chomhpháirtíochtaí reatha le heagraíochtaí neamhrialtasacha, le ranna Rialtais, leis an gCoimisiún Eorpach agus le heagraíochtaí feirmeoireachta, agus comhpháirtíochtaí nua a bhunú le hearnálacha eile.

Glacann Cairde Éanlaith Éireann páirt i roinnt fóraim Eagraíochtaí Neamhrialtasacha, amhail an Gréasán um Uisce Inbhuanaithe (SWAN), Bunmhaoiniú Eagraíochtaí Neamhrialtasacha Comhshaoil (Éiceolaíocha) Teoranta (EENGO), Obair agus Oideachas ar son na Bithéagsúlachta (WEB) agus Fóram Ardtailte Éireann (IUF).

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Aengus Ó Snodaigh TD, “Tá fonn ar an gCoiste plé a dhéanamh ar a bhfuil ag tarlú do líon na n-éan in Éirinn. Tá go leor den obair a dhéanann Cairde Éanlaith Éireann ag brath ar dhaoine deonacha agus ar chraobhacha atá gníomhach i dtionscnaimh shuirbhéireachta, oideachais agus ardaithe feasachta agus a bhfuil an t-eolas is fearr acu ar shaincheisteanna caomhnaithe áitiúla. Tá muid ag súil le léargas saineolaíoch Chairde Éanlaith Éireann a fháil.”

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo

Barr
Roinn