Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste Aoine an Chéasta chun Comhaontú Aoine an Chéasta/Bhéal Feirste agus an Comhshaol a phlé

3 Iúil 2019, 15:26

Brexit agus an comhshaol ar oileán na hÉireann a bheidh ar chlár oibre an Chomhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta nuair a bhuailfidh an Comhchoiste le chéile amárach, Déardaoin.

Beidh ionadaithe ón gColún Comhshaoil i láthair ar 2.15 pm i Seomra Coiste 4, Teach Laighean chun plé a dhéanamh ar an ábhar sin.

Is éard atá sa Cholún Comhshaoil, 26 eagraíocht chomhshaoil, ar eagraíochtaí neamhrialtasacha agus neamhspleácha iad, a oibríonn le chéile chun ionadaíocht a dhéanamh do dhearcaí na hearnála comhshaoil in Éirinn. Baineann obair an Cholúin le raon leathan réimsí, lena n-áirítear caomhnú gnáthóg, cosaint fiadhúlra, oideachas comhshaoil, inbhuanaitheacht, saincheisteanna a bhaineann le dramhaíl agus fuinneamh, chomh maith le feachtasaíocht agus brústocaireacht ar son an chomhshaoil.

Agus é ag caint roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Seán Crowe, “Is é bunaidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta/Bhéal Feirste an tsíocháin, an rathúnas agus cearta an duine a chosaint ar oileán na hÉireann. Tá an tírdhreach agus an éiceolaíocht a bhaineann leis i gcroílár na gcuspóirí sin.”

Dúirt an Teachta Crowe freisin: “Beidh dúshláin mhóra roimh an gcomhshaol ar oileán na hÉireann más amhlaidh go mbeidh Brexit gan mhargadh ann. Tá súil againn go mbeidh tuiscint níos fearr againn féin ar na saincheisteanna comhshaoil thuaidh-theas agus muid á bplé le hionadaithe an Cholúin, go mbeifear in ann an comhshaol a chothú agus a fheabhsú dá bharr.

Is féidir na himeachtaí a fheiceáil beo anseo.

Barr
Roinn