Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Grúpaí den Lucht Siúil chun labhairt sa Seanad le linn éisteachtaí Choiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid

8 Iúil 2019, 12:18

Labhróidh  daoine den Lucht Siúil sa Seanad don chéad uair ó tugadh aitheantas foirmiúil don Lucht Siúil mar mhionlach eitneach, ag cruinniú de Choiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid amárach.

Nuair a thug Stát na hÉireann aitheantas foirmiúil d’eitneacht an Lucht Siúil Éireannaigh an 1 Márta 2017, dúirt Éanna Ó Coinnigh, a bhí ina Thaoiseach ag an am:

“Tá súil agam gur ardán nua atá á chruthú againn inniu le haghaidh caidreamh dearfach idir an Lucht Siúil agus an Rialtas agus muid ag lorg réitigh inmharthana bunaithe ar urraim agus ar idirphlé macánta.”

 

Chun leanúint den ócáid chinniúnach sin, beidh na héisteachtaí ar ‘An Lucht Siúil i dtreo Éire níos cothroime sa tréimhse iar-aitheantais’ ar siúl i Seomra an tSeanaid, maidin amárach, Dé Máirt an 9 Iúil ar 10 am.

Ar na daoine sin a bheidh ag caint ag an ócáid beidh ionadaithe ó Pavee Point Traveller and Roma Centre, an grúpa Lucht Siúil Minceir Whiden, An Fóram Naisiúnta do Thaistealaithe Mná, Gluaiseacht Taistealaithe na hÉireann agus grúpaí áitiúla den Lucht Siúil ó Chorcaigh, Gaillimh agus Loch Garman.

Dhá sheisiún a bheidh san éisteacht a bhainfidh leis na téamaí seo a leanas:

  • Rannpháirteachas agus Polaitíocht an Lucht Siúil
  • Idirphlé agus Cuimsiú Sóisialta an Lucht Siúil

Dúirt Cathaoirleach Choiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid agus Leas-Chathaoirleach an tSeanaid, Paul Coghlan: “Nuair a thug Stát na hÉireann aitheantas foirmiúil d’eitneacht an Lucht Siúil i Márta 2017 cuireadh tús le ré nua comhthuisceana agus caidrimh atá bunaithe ar urraim agus ar idirphlé macánta. Is deis iad na héisteachtaí seo ar chaidreamh dearfach leis an Lucht Siúil agus muid ag réiteach dár dtodhchaí.”

Níos luaithe i mbliana, chuir an Coiste tús le próiseas cuimsitheach taighde agus comhairliúcháin phoiblí ar an ábhar “An Lucht Siúil i dtreo Éire níos cothroime sa tréimhse iar-aitheantais”.

D’iarr sé aighneachtaí ón Lucht Siúil in Éirinn – idir dhaoine aonair agus eagraíochtaí – agus ó aon pháirtithe leasmhara eile, maidir le raon ábhar lena n-áirítear ionadaíocht pholaitiúil don Lucht Siúil a neartú go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Dúirt an Seanadóir Colette Kelleher, Rapporteur an ábhair: “Agus muid ag iarraidh cuimsiú níos fearr don Lucht Siúil agus caidreamh trasphobail dearfach a bhaint amach, is deis iad na héisteachtaí seo chun todhchaí a leagan amach ina mbeidh comhthuiscint  ann agus a chabhróidh chun bearta maidir le feiceálacht, rannpháirteachas agus cothroime a fheabhsú don Lucht Siúil. Thug sí dá haire gur mó ná riamh an líon aighneachtaí a fuair an Coiste, rud a léiríonn go bhfuil géarghá leis an idirghabháil agus go bhfuiltear á lorg go toilteanach.”

Beidh os cionn deich ngrúpa d’ionadaithe don Lucht Siúil agus daoine aonair i measc na bhfinnéithe a dhéanfaidh cur i láthair le linn na héisteachta.

Labhróidh siad ar an sé ábhar seo a leanas le linn dhá sheisiún téamúil:

  • Ionadaíocht pholaitiúil don Lucht Siúil a neartú go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
  • Rannpháirteachas an Lucht Siúil a chur chun cinn agus tacú leis sin i bpróisis chinnteoireachta sa réimse poiblí.
  • Méadú a dhéanamh ar chuimsiú an Lucht Siúil i struchtúir shibhialta agus i ngníomhaireachtaí agus i Ranna rialtais.
  • An cuimsiú, an t-idirphlé agus an caidreamh a chothú idir an Lucht Siúil agus an pobal i gcoitinne.
  • Aghaidh a thabhairt ar nithe a bhaineann leis an Lucht Siúil, ar nós an stiogma, an chlaontacht, an t-idirdhealú, an ciníochas agus an t-eisiamh sóisialta agus aon chúlú atá á fhulaingt ag an Lucht Siúil a shainaithint.
  • A chinntiú go gcaitheann na meáin go cruinn agus go cothrom leis an Lucht Siúil.

I ndiaidh na ráiteas oscailte ó na daoine a dhéanfaidh cur i láthair, beidh seisiún Ceisteanna agus Freagraí ann ar feadh 30 nóiméad chun deis a thabhairt do chomhaltaí an Choiste ceisteanna a chur. Cuirfear críoch leis an éisteacht faoi 2.30pm.

Is féidir an éisteacht a fheiceáil beo anseo.

 

 

Barr
Roinn