Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oifigigh ó Tusla agus ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige chun bheith os comhair Comhchoiste Oireachtais mar thoradh ar imscrúdú RTÉ ar chreiseanna.

26 Iúil 2019, 15:29

Beidh oifigigh ó Tusla os comhair Chomhchoiste an Oireachtais um Leanaí agus Gnóthaí Óige Dé Céadaoin seo chugainn, an 31 Iúil, chun plé a dhéanamh ar thuarascáil RTÉ Investigates ar shaoráidí cúraim leanaí.

Beidh oifigigh ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige ag an gcruinniú freisin agus beidh sé ar siúl i Seomra Coiste 1, Teach Laighean ar 10am.

Sa chlár de chuid RTÉ Investigates dar teideal “Crèches - Behind Closed Doors” tarraingíodh aird ar ábhair imní maidir le cleachtais cúraim leanaí i slabhra creiseanna i mBaile Átha Cliath, lena n-áirítear sábháilteacht dóiteáin, an cóimheas idir leanaí agus daoine fásta agus nósanna imeachta ó thaobh grinnscrúdú an Gharda Síochána a dhéanamh ar chomhaltaí foirne.

Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste um Leanaí agus Gnóthaí Óige, Ailín Ó Fearghail, TD: “Ba chúis mhór anacra agus imní ábhar an chláir faisnéise agus léirigh an méid a taifeadadh teipeanna millteanacha ó thaobh cloí leis na treoirlínte atá Tusla - an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, i gcomhair creiseanna. Bhí an chaoi ar caitheadh le naíonáin, an neamhaird a tugadh ar rialacháin a bhaineann le sábháilteacht dóiteáin agus an neamhaird a tugadh ar chóimheasa idir leanaí agus daoine fásta a taispeánadh i gclár faisnéise RTÉ uafásach amach is amach.

“Tá leanaí i measc na saoránach is soghonta sa tír agus ní mór dúinn gníomhú chun a chinntiú go dtabharfar an chosaint is mó is féidir dóibh, go háirithe agus iad i suímh cúraim leanaí. Caithfidh go mbeidh tuismitheoirí agus caomhnóirí in ann a bheith cinnte go bhfuil a gcuid leanaí sábháilte slán agus go bhfuiltear ag caitheamh go maith leo le linn dóibh a bheith i saoráidí cúraim leanaí.

“Tá fonn ar an gCoiste an deis seo a thapú chun ceisteanna a chur ar Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach faoina bhfuil á dhéanamh aige i ndáil leis an gceist seo agus faoi na gníomhartha forfheidhmiúcháin atá á ndéanamh aige i gcásanna ina dtuairiscítear caighdeáin ísle agus teipeanna bainistíochta. Ní mór dúinn a fhios a bheith againn cad is féidir le Tusla a dhéanamh, ina cháil mar rialálaí agus cigire seirbhísí luathbhlianta, chun seirbhísí a dhúnadh nó a chur ar fionraí nuair a aithnítear go bhfuil cúiseanna imní tromchúiseacha ann. Beimid ag cur ceisteanna ar oifigigh ón Roinn freisin faoina bhfuil á dhéanamh chun sábháilteacht agus cáilíocht na hearnála luathfhoghlama agus cúraim leanaí a chinntiú.

“Ní mór ár leanaí, agus tuismitheoirí agus caomhnóirí a chosaint. Déanfaidh an Coiste iarracht a fháil amach cén chaoi ar tharla sé nár cuireadh cosc ar an anchor a léirigh RTÉ, agus a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid riamh arís.”

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.

 

Fiosrúcháin ó na meáin

Petrina Vousden
Preasoifigeach
Tithe an Oireachtais
Sráid Chill Dara
BÁC 2
Éire
Líne thalún: 01-6183437 Fón póca: 085 8745295
www.oireachtas.ie
Twitter @OireachtasNews

 

Barr
Roinn