Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Taispeántas ‘Dáil 100’ seolta i nGaillimh mar chuid de cheiliúradh Dáil 100

16 Lún 2019, 10:05

Beidh ról na chéad chomhaltaí de Dháil Éireann arbh as Gaillimh dóibh á léiriú i dtaispeántas dar teideal ‘Dáil 100’ a bheidh á reáchtáil ag Comhairle Contae na Gaillimhe agus a gcuirfear tús leis Dé Luain, an 19 Lúnasa.

Bhí ceathrar ionadaithe tofa do Ghaillimh chun tosaigh ag cruinniú na chéad Dála an 19 Eanáir 1919; Pádraic Ó Máille (Conamara, ar thoghcheantar é ina raibh cathair na Gaillimhe freisin), Brian Cíosóig (Gaillimh Thuaidh), Liam Ó Maoilíosa (Gaillimh Thoir)  a bhí ina cheannaire ar Éirí Amach 1916 i nGaillimh agus Proinsias Ó Fathaigh (Gaillimh Theas).

Chun comóradh a dhéanamh ar an chéad suí poiblí de Dháil Éireann in 1919 agus mar chuid de chlár imeachtaí a eagraíodh chun é a cheiliúradh, reáchtálfar an taispeántas in oifigí Chomhairle Contae na Gaillimhe ag Áras an Chontae, Cnoc na Radharc go dtí Dé hAoine, an 13 Meán Fómhair. Déanann an taispeántas comóradh ar 100 bliain den daonlathas parlaiminteach in Éirinn agus tugann sé eolas don pobal i gcoitinne faoi ról agus tábhacht Pharlaimint na hÉireann.

Dúirt an Comhairleoir Jimmy McClearn, Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe: “Measaim go bhfuil sé tábhachtach machnamh a dhéanamh ar oidhreacht na Chéad Dála agus ar an daonlathas leanúnach in Éirinn  ós í Éire ceann de roinnt bheag stát nua a bunaíodh i ndiaidh an Chéad Chogaidh Domhanda agus a bhí daonlathach i gcónaí. Dá bhrí sin, tá lúcháir orm gur tugadh an deis dúinn an taispeántas ríthábhachtach seo a bheith againn anseo in Áras an Chontae don mhí atá romhainn. Tríd an taispeántas seo, insítear scéal Dháil Éireann agus faightear léargas ar an gcaoi a ndeachaigh an reachtaíocht agus gníomhaíochtaí parlaiminteacha i bhfeidhm ar shochaí na hÉireann le 100 bliain anuas.”  

Ag tús an taispeántais, déantar cur síos ar an gcéad chruinniú poiblí de Dháil Éireann an 21 Eanáir 1919. Roghnaíodh íomhánna aitheanta chun cur síos a dhéanamh ar thráthanna tábhachtacha i sochaí na hÉireann agus an tionchar a bhí acu ar Stát an lae inniu a mhíniú.

Tá an taispeántas ar oscailt do mhuintir na háite agus do thurasóirí araon idir 9am agus 4pm, Luan go hAoine, agus is ann a leagtar amach an t-athrú agus an fhorbairt a tháinig ar obair Dháil Éireann ar go leor bealaí ón tréimhse luath sin i leith.

Thionóil Dáil Éireann a céad chruinniú poiblí sa Seomra Cruinn i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath an 21 Eanáir 1919. Gníomh cróga agus dúshlánach ba ea é, a tharla 6 seachtaine tar éis an olltoghcháin i Nollaig 1918, agus de na 101 iarrthóir ar éirigh leo san olltoghchán sin bhí 69 nduine díobh ar son an neamhspleáchais.

Tugadh cuireadh do gach comhalta tofa freastal ar an gcéad chruinniú sin ach mar gheall ar an gcúlra polaitíochta casta a bhí i réim ag an am, ní raibh siad ar fad ábalta, nó sásta, freastal air. 27 gcomhalta a bhí i láthair i dTeach an Ard-Mhéara an lá sin. D’fhógair siad neamhspleáchas na hÉireann, d’iarr siad aitheantas idirnáisiúnta do shaoirse na hÉireann, agus thug siad faoin bpróiseas chun Stát a bhunú.

I mí Eanáir na bliana seo, rinne Dáil Éireann ceiliúradh ar chothrom 100 bliain a céad suí i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath in 1919, trí shuí speisialta a eagrú i dTeach an Ard-Mhéara, agus is i nGaillimh atá ‘Dáil 100’ anois.

Barr
Roinn