Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Deontas do mhic léinn agus costais scoile atá dul in airde is príomhábhair an chláir oibre don chruinniú den Choiste Oireachtais um Oideachas agus Scileanna

6 MFómh 2019, 15:43

Déanfar scrúdú ar an deontas tríú leibhéal Thacaíocht Uilíoch Mac Léinn Éireann agus ar na costais a ghabhann le filleadh ar scoil ag cruinniú speisialta den Chomhchoiste um Oideachas agus Scileanna roimh thosach Sheisiún Parlaiminte an Fhómhair.

Tionólfar an cruinniú i Seomra Coiste 2, Teach Laighean, Déardaoin an 12 Meán Fómhair.

Ar na hábhair a phléifear, beidh na critéir cháilitheachta do dheontas Thacaíocht Uilíoch Mac Léinn Éireann, tuismitheoirí dul i mbun iasachtóirí airgid chun íoc as costais scoile atá ag dul in airde agus úsáid mhéadaithe táibléad agus feistí leictreonacha eile sa seomra ranga.

Déanfaidh Tacaíocht Uilíoch Mac Léinn Éireann, agus príomhghrúpaí ionadaíochta do mhic léinn, do scoileanna agus do thismitheoirí, agus, freisin, Barnados agus Cumann Naomh Uinsinn de Pól ábhar a chur i láthair TDanna agus Seanadóirí.

Tionólfar an cruinniú, a leathfar ina dhá sheisiún, ar 10.30 a.m.

Déanfar scrúdú i seisiún a haon ar chritéir cháilitheachta, nósanna imeachta iarratais agus achomhairc dheontas Thacaíocht Uilíoch Mac Léinn Éireann.

Déanfar scrúdú i seisiún a dó ar na buntáistí agus na míbhúntáistí a bhaineann leis na Scéimeanna Cíosa Téacsleabhar i scoileanna, úsáid na teicneolaíochta le haghaidh oideachais agus ar an ngá go mbeadh ar thuismitheoirí nó caomhnóirí dul i mbun iasachtóirí airgid chun íoc as na bunchostais a ghabhann le hoideachas a chur ar a gcuid leanaí.

Is í Tacaíocht Uilíoch Mac Léinn Éireann an t-aon údáras náisiúnta Éireannach amháin chun deontais mac léinn a dhámhachtan in earnáil an bhreisoideachais agus an ardoideachais. Tacaíonn deontas Thacaíocht Uilíoch Mac Léinn Éireann leis na mílte mac léinn le linn dóibh bheith ar an gcoláiste.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste um Oideachas agus Scileanna, Fiona Ní Lochlainn TD: “Tionólfar an cruinniú seo i gcomhthéacs cíosanna fíor-arda agus costais cóiríochta do mhic léinn ollscoile atá ag dul in airde. Dá dheasca sin, tá aistear níos faide agus níos costasaí chun an choláiste ag tús a gcuid oideachais tríú leibhéal ag roinnt mhaith mac léinn nach feidir leo an praghas a ghabhann le maireachtáil as baile a sheasamh.

“Bhí Tacaíocht Uilíoch Mac Léinn Éireann ag súil le 99,000 iarratas tuartha a fháil ar dheontas ó mhic léinn nua agus mic léinn a bheidh ag filleadh ar an gcoláiste don bhliain acadúil 2019/20. Ba spéis linn go mór cloisteáil ó Thacaíocht Uilíoch Mac Léinn Éireann faoin nós imeachta iarratais ar dheontas agus ó mhic léinn faoi na deacrachtaí a gcaithfidh said tabhairt fúthu i ndáil leis an deontas, lena n-áirítear leibhéal na híocaíochta agus na critéir chun cáilithe.”

Ar na héilimh a rinne an Coiste nuair a d’fhoilsigh sé trí thuarascáil i mí an Mheithimh, bhí an t-ualach ar thismitheoirí a laghdú i ndáil le costais scoile atá ag dul in airde “de shíor.” Ba mhaith leis an gCoiste go ndéanfar méadú €20 milliún ar an maoiniú le haghaidh na scéime cíosa leabhar scoile i mbuiséad 2020 chun go mbeidh níos mó scoileanna in ann leas a bhaint as an scéim agus chun na costais ar thuismitheoirí a laghdú.

Dúirt an Teachta Ní Lochlainn: “Is cúis fhírinneach imní na scéalta faoi thuismitheoirí ag tabhairt airgead ar láimh d’iasachtóirí airgid chun na costais a ghabhann lena gcuid leanaí a chur ar scoil a íoc. Is deis í an cruinniú Déardaoin dúinn chun tuilleadh iniúchadh a dhéanamh ar an gceist seo agus chun cloisteáil ó ghrúpaí dála Cumann Naomh Uinsinn de Pól faoin scéal mar atá ag roinnt tuismitheoirí agus iad ag streachailt chun billí rialta teaghlaigh a íoc agus na costais a ghabhann le filleadh ar scoil a íoc anuas air sin.

Dúirt sí freisin: “Cloisfimid ó ghrúpaí tuismitheoirí agus scoileanna faoi conas atá scéimeanna cíosa leabhar scoile ag oibriú faoi láthair go praticiúil.

“Is mór is spéis linn scrúdú a dhéanamh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le húsáid na teicneolaíochta dála táibléid agus feistí leictreonacha eile sa seomra ranga ó thaobh an oideachais de agus freisin ar an ualach airgeadais ar thuismitheoirí agus scoileanna a ghabhann le húsáid mhéadaithe feistí digiteacha, nó na sochair a bhaineann said aisti.

Cloisfear i seisiún a haon ó Aontas na Mac Léinn in Éirinn, ó Thacaíocht Uilíoch Mac Léinn Éireann agus ó Aontas na Mac Léinn Dara Leibhéal in Éirinn.

Cloisfear i seisiún a dó ón mBord Comhbhainistíochta, ó Bhoird Oideachais agus Oiliúna Éireann, ó Chumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha, ón gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí Iarbunscoile, ón gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Bunscoil), ó Chumann Naomh Uinsinn de Pól agus ó Barnardos.

Bhí an Comhchoiste i dteagmháil leis na grúpaí agus na Carthanachtaí go léir a dhéanfaidh cur i láthair agus d’iarr sé orthu aighneachtaí a chur faoina bhráid ar na hábhair roghnaithe.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.

Barr
Roinn