23 MFómh 2019, 12:24
Tionólfar an chéad chruinniú den Chomhchoiste um Shaincheisteanna Ríthábhachtacha a théann i gcion ar an Lucht Siúil, amárach, an 24 Meán Fómhair i dTeach Laighean i Seomra Coiste 2 ar 11am.
Tiocfaidh Minnie Connors ó Ghrúpa Forbartha Lucht Siúil Loch Garman, agus ionadaithe ó Líonra Meabhairshláinte an Lucht Siúil, Gluaiseacht Lucht Siúil na hÉireann, Grúpa Lucht Siúil Chiarraí, agus Pavee Point, os comhair an Choiste chun saincheisteanna a bhaineann le meabhairshláinte an Lucht Siúil a phlé.
Ag labhairt di roimh an gcruinnniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Colette Kelleher: “Cuirimid fáilte roimh na cainteoirí go léir seo go dtí Teach Laighean. Suífidh ár gCoiste go ceann sé mhí tar éis an chruinnithe amárach.
Is í an mheabhairshláinte an chéad ábhar a ndíreoimid air mar tá tábhacht ollmhór ag saincheisteanna meabhairshláinte i measc phobal an Lucht Siúil. Breathnóimid ar leitheadúlacht agus ar thiomántáin na meabhairshláinte ach freisin ar cad ba fhreagracht mhaith ann, i bhfianaise mhéid na géarchéime i measc phobal an Lucht Siúil.
Sna míonna atá le teacht, tá sé beartaithe ag an gCoiste saincheisteanna a bhreithniú a bhaineann le meabhairshláinte agus sláinte, oideachas, fostaíocht agus cóiríocht a mhéid a bhíonn tionchar acu ar phobal an Lucht Siúil.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.