Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An tAire Sláinte agus FSS os comhair an Choiste Oireachtais um Shláinte

1 DFómh 2019, 15:57

Láithreoidh an tAire Sláinte Síomón Ó hEarchaí agus Ard-Rúnaí FSS Paul Reid os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Shláinte amárach, Dé Céadaoin an 2 Deireadh Fómhair i dTeach Laighean, Seomra Coiste 3 ar 9 am.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Shláinte, an Dr. Micheál Ó h Ártaigh T.D. “Tugtar deis leis an gcruinniú ráithiúil leis an Aire agus le FSS do chomhaltaí den Oireachtas plé a dhéanamh leis an Aire mar chuid den phróiseas cuntasaíochta atá i gcroílár ár bpróiseas daonlathach agus ár luachanna daonlathacha.

Beidh an Coiste ag iarraidh, go háirithe, saincheisteanna a ardú maidir le líon na n-othar atá ar liostaí feithimh d’othair sheachtracha le haghaidh coinne chun measúnacht liachta a fháil agus ar liostaí feithimh d’othair chónaithe chun dul faoi bheart liachta. Is ag dul i méid atá na liostaí feithimh seo agus tá méid ollmhór riachtanas ann anois san earnáil sláinte nach bhfuiltear ag freastal dó. Beidh an Coiste ag iarraidh go léireoidh an tAire agus FSS conas is féidir dul i ngleic leis na saincheisteanna seo ag féachaint do na srianta airgeadais atá ann faoi láthair san earnáil.

 Is dóigh freisin go n-ardóidh an Coiste saincheisteanna i dtaobh an phlean nua caipitil don earnáil agus maidir le Sláintecare a chur i bhfeidhm.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.

Barr
Roinn