Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Rannpháirteachas Sheirbhís Thithe an Oireachtais sa Teach Oscailte curtha ar ceal

11 DFómh 2019, 15:16

Is mór is oth le Seirbhís Thithe an Oireachtais a rannpháirteachas a chealú sa “Teach Oscailte” amárach Dé Sathairn, an 12 Deireadh Fómhair agus Dé Domhnaigh an 13 Deireadh Fómhair 2019.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl TD: “Is mór ar fad an díomá orainn go gcaithimid an beart seo a dhéanamh. I bhfianaise na heachtra tromchúisí, áfach, a tharla aréir ag geataí Shráid Muirfean de Theach Laighean, ní fhéadaimid sláinte ná sábháilteacht na gcéadta cuairteoirí ar mhian leo freastal a chur i mbaol tuilleadh ná ní fhéadaimid ár bhfoireann a chur i mbaol chomh beag sin. Déanfar deireadh seachtaine oscailte a chur ar siúl arís chomh luath is féidir agus táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh an méid mór cuairteoirí a thiocfaidh chun aisiriú agus caomhnú a bParlaimint Náisiúnta a fheiceáil.”

Barr
Roinn