Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun na Teangacha Oifigiúla a phlé leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

18 Samh 2019, 14:03

Láithreoidh ionadaithe ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán amárach nuair a thiocfaidh an Coiste le chéile chun Bille na dTeangacha Oifigiúla agus nithe éagsúla eile a phlé.

Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an soláthraí lárnach ar sheirbhísí earcaíochta, measúnachta agus roghnóireachta don Státseirbhís. Soláthraíonn an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí seirbhísí earcaíochta freisin do na róil is sinsearaí sna hÚdaráis Áitiúla, do phoist ceannaireachta agus róil Sainchomhairleora Ospidéil do FSS, d’ábhair Ghardaí don Gharda Síochána, agus do réimse ról mar cheann oifige agus ról gairmiúil agus teicniúil ar fud na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí.

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD, “Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis éisteacht leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir le gealltanais i leith na Gaeilge.
 
 “Dé Máirt déanfaidh an Coiste scrúdú agus plé ar shuirbhé maidir  le Bille na dTeangacha Oifigiúla a chomhlánaigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí sular tháinig said os comhair an Choiste. Is é an t-ionchur agus an léargas acu a stiúrfaidh an plé ar an lá.
 
“I bhfianaise an réimse mhóir freagrachta atá ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, agus an róil lárnaigh atá acu maidir le hearcaíocht ar fud na Seirbhíse Poiblí, cuirtear fáilte mhór roimh an deis seo Dé Máirt. Ba mhaith leis an gCoiste go mór foghlaim faoi na cuspóirí agus na gníomhartha a bhfuil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí tar éis a ghabháil de láimh chun seirbhísí Gaeilge agus dátheangacha a chur ar fáil ansin.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú ar 4p.m. i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil beo anseo

Foghlaim faoi na tuarascálacha agus na ráitis is déanaí ón gCoiste agus faoi chomhaltas an Choiste anseo

Barr
Roinn