Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun na Teangacha Oifigiúla a phlé le Roinn an Taoisigh

3 Noll 2019, 15:01

Beidh ionadaithe ó Roinn an Taoisigh os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán amárach nuair a thiocfaidh an coiste le chéile chun plé a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla, i measc nithe eile.

Le linn bheith ag tacú le hobair an Taoisigh agus an rialtais, oibríonn Roinn an Taoisigh i gcomhar le ranna eile chun beartas a fhorfheidhmiú trí struchtúr an choiste comh-aireachta go príomha. Ar na rannáin atá i Roinn an Taoisigh tá Rannán an Aontais Eorpaigh; an Rannán Idirnáisiúnta; Rannán na Breataine agus Thuaisceart Éireann; an Rannán um Beartas Sóisialta agus um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí; Rúnaíocht an Rialtais; an Rannán um Prótacal agus Ginearálta; an tAonad Idirchaidrimh Pharlaimintigh agus an tAonad Bainistithe Faisnéise agus Taifead.

Tacaíonn an roinn leis an rialtas ó thaobh tosaíochtaí maidir lena bheartais agus chomh maith leis sin tá an roinn freagrach as idirchaidreamh a dhéanamh leis an Uachtarán agus le Tithe an Oireachtais.

Agus í ag caint roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Catherine Connolly TD, “Fáiltíonn an Coiste roimh an deis chun éisteacht lena mbeidh á rá ag Roinn an Taoisigh maidir le gealltanais i dtaobh na Gaeilge. Sa chruinniú seo, leanfar den tsraith cruinnithe a bhí ann maidir le seirbhísí dátheangacha a sholáthar agus le cur chun cinn na Gaeilge laistigh de gach Roinn.

“Tá ról lárnach ag Roinn an Taoisigh agus i bhfianaise an róil sin is mór againn an deis seo a fháil Dé Máirt. Ba bhreá leis an gCoiste eolas a fháil ar na cuspóirí atá glactha ag Roinn an Taoisigh agus ar na bearta atá déanta aici chun an Ghaeilge agus seirbhísí dátheangacha a chothú.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú ar 4pm i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

Is féidir féachaint ar imeachtaí Coiste beo ar

Faigh amach faoi na tuarascálacha agus na ráitis is déanaí ón gCoiste agus faoina chomhaltas.

Barr
Roinn