Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Shaincheisteanna Ríthábhachtacha a théann i gcion ar an Lucht Siúil chun plé a dhéanamh ar fhostaíocht don Lucht Siúil

9 Noll 2019, 15:20

Déanfaidh an Chomhchoiste um Shaincheisteanna Ríthábhachtacha a théann i gcion ar an Lucht Siúil plé ar ar fhostaíocht don Lucht Siúil ag cruinniú amárach, Dé Máirt, i dTeach Laighean, Seomra Coiste 1 ar 11 am.

Déanfaidh an Chomhchoiste um Shaincheisteanna Ríthábhachtacha a théann i gcion ar an Lucht Siúil plé ar ar fhostaíocht don Lucht Siúil ag cruinniú amárach, Dé Máirt, i dTeach Laighean, Seomra Coiste 1 ar 11 a.m.

Beidh ionadaithe ó Pavee Point, Minceir Whiden, St Stephen’s Green Trust, Involve agus Shuttle i láthair ag an gcruinniú le Teachtaí Dála agus Seanadóirí.

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Seanadóir Colette Kelleher; “Léiríodh i nDaonáireamh 2016 ráta dífhostaíochta 80 faoin gcéad don Lucht Siúil i gcomparáid le 13 faoin gcéad don phobal i gcoitinne. Agus, dar leis an Suirbhé Náisiúnta ar an Lucht Siúil, 2017, bhí 43 faoin gcéad den Lucht Siúil thíos ag idirdhealú agus iad ag fáil rochtain ar fhostaíocht agus ní dúirt ach duine faoi 10 nduine nach den Lucht Siúil iad go bhfostóidís duine den Lucht Siúil.

Amárach, beimid ag fiosrú an scéil mar atá taobh thiar de na figiúirí seo don Lucht Siúil ó thaobh rochtain a fháil ar obair agus tionscadail reatha agus tacaíochtaí atá ann chun tacú leis an Lucht Siúil sa mhargadh saothair.

Is féidir imeachtaí an cruinniú a fheiceáil beo anseo.

Barr
Roinn