10 Noll 2019, 17:14
Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas amárach (Dé Céadaoin) ar 9 a.m., i Seomra Coiste 2 i dTeach Laighean, chun athchromadh ar phléití maidir le rochtain ar dhlí agus ceart agus costais dhlíthiúla.
Éistfidh an Coiste le haighneachtaí ó Community Law and Mediation, Mercy Law Resource Centre agus ón Ollamh Gerard Whyte ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Roimh an gcruinniú dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caoimhghín Ó Caoláin TD: “Is é seo an dara huair againn plé a bheith againn le páirtithe leasmhara agus le saineolaithe maidir le costais dhlíthiúla arda agus tosca eile a fheidhmíonn mar chonstaic do mhórán daoine a lorgaíonn rochtain ar dhlí agus ceart trí na cúirteanna. Táimid ag tnúth le tuairimí soláthraithe seirbhíse an dlí comhphobail agus an tOllamh Whyte a chloisteáil ar an tsaincheist thábhachtach seo.”
Is féidir an cruinniú a fheiceáil beo anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews