Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun na Teangacha Oifigiúla a phlé leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

16 Noll 2019, 16:40

Tiocfaidh ionadaithe ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán amárach nuair a thiocfaidh an Coiste le chéile chun Bille na dTeangacha Oifigiúla agus nithe áirithe eile a phlé.

Oibríonn an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais chun slándáil an phobail agus slándáil náisiúnta a chur chun cinn, chun ceartas agus comhionannas a chur chun cinn, agus chun cearta daonna a shlánchoimeád, chun an fhís againn a ghnóthú, arb éard í Éire shábháilte, chothrom agus uilechuimsitheach.

I bhfianaise chúram leathan na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an teagmháil rialta a bhíonn aici leis an bpobal, tá fonn ar an gCoiste foghlaim conas a fhreastalaíonn an Roinn dá freagrachtaí maidir leis an nGaeilge.

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD, “Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an deis éisteacht leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais maidir lena ngealltanais ó thaobh na Gaeilge de.

I bhfianaise an raoin leathain freagrachta atá ar an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, tá fáilte mhór roimh an deis a bheidh ann Dé Máirt. Tá fonn ar an gCoiste foghlaim faoi na cuspóirí agus na bearta atá gafa de láimh ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais chun seirbhísí Gaeilge agus seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil sa Roinn.”

Tosóidh an cruinniú ar 4pm i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil beo anseo

Foghlaim faoi na tuarascálacha agus na ráitis is déanaí ón gCoiste agus faoi chomhaltas an Choiste anseo

Barr
Roinn