Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste Speisialta um Fhreagra ar Covid-19 de chuid an Oireachtais le teacht le chéile den chéad uair

11 Beal 2020, 12:18

Tiocfaidh an Coiste Speisialta um Fhreagra ar Covid-19 le chéile den chéad uair amárach, Dé Máirt, 12 Bealtaine, i seomra na Dála ag 12.30pm.

Is iad na míreanna ar an gclár:

  • Toghadh Cathaoirligh
  • Plé tosaigh ar chlár oibre a fhorbairt don Choiste agus
  • Dáta don chéad chruinniú eile

Bunaíodh an Coiste Oireachtais speisialta seo ina bhfuil 19 mball ar an 6 Bealtaine 2020 le breith a dhéanamh agus fianaise a ghlacadh ar fhreagra an Stáit ar phaindéim Covid-19.

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin gCoiste, lena n-áirítear a théarmaí tagartha, anseo.

Féach ar an gcruinniú beo.

Barr
Roinn