10 Meith 2020, 15:39
Éistfidh an Coiste Speisialta Oireachtais um Fhreagra ar Covid-19 ó Thoscaire Speisialta na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar ábhar Covid-19, an Dr. David Nabarro, amárach, Déardaoin an 11 Meitheamh i dTeach Laighean.
Láithreoidh an Dr. Nabarro trí nasc físeáin ó cheanncheathrú na hEagraíochta Domhanda Sláinte sa Ghinéiv ar 9.30 a.m.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Mícheál Mac Conmara, T.D.: “Is deis í seo don Choiste nuashonrú a fháil ar chúrsaí mar atá faoi láthair ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte i dtaobh phaindéim Covid-19.
“Is tráthúil an uair í chun an chomhairle sláinte poiblí is déanaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a scrúdú, i réimsí amhail an scaradh sóisialta, aghaidhmhaisc, agus clúdaigh aghaidhe agus an taighde is déanaí ar na slite ab fhearr chun freagra a thabhairt ar an víreas agus chun tionchar an víris a mhaolú cheal leighis nó vacsaíne.”
Is féidir imeachtaí an cruinniú a fheiceáil beo anseo.