Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Crochfar an Bhratach Náisiúnta ar leathchrann ag Teach Laighean chun urraim a thabhairt do John Hume, ‘fíor-thírghráthóir’

4 Lún 2020, 17:01

Tá Ceann Comhairle na Dála agus Cathaoirleach an tSeanaid tar éis a chomhaontú go gcrochfar an Bhratach Náisiúnta ar leathchrann ag Teach Laighean le linn do shochraid John Hume, nach maireann, a bheith ar siúl i nDoire amárach chun urraim a thabhairt do chuimhne “fíor-thírghráthóir” agus “cur chun cinn síoraí na síochána” dá chuid ar oileán na hÉireann.

Le linn dó aitheantas a thabhairt d’iarcheannaire Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP) agus do bhuaiteoir an Duais Síochána Nobel, dúirt an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD: “Ba mhian liom tacú leis an líon mór daoine a rinne comhbhrón ó chroí ar bhás John Hume. Ba fhíorionadaí poiblí é, a bhí báite i saol, ábhair imní agus mianta mhuintir a Dhoire dil. Ba fhíor‑thírghráthóir é freisin, a raibh imní air faoi leas na ndaoine uile a roinneann an tír seo againn a mbíonn corraíl inti go minic. 

“Le linn dó blianta fada a chaitheamh sa tóir ar réiteach síochánta ar choimhlint, ní hé gur leagadh na freagrachtaí agus na cinntí a raibh sé ag déileáil leo air, is é gur thug sé fúthu go fonnmhar mar fhear a thuig go luath agus a thuig ón nádúr gurbh ann do bhealach níos fearr do mhuintir uile an oileáin seo.  

“Cé gur thuig sé freagracht an ionadaí phoiblí a bheith i mbun comhráití, comhráití leo siúd ar mhinic a raibh malairt tuairimí láidre acu, níor thug John Hume cúl dá phrionsabail doimhne riamh. Mar thoradh ar mhisneach, cuibhiúlacht agus tiomantas John Hume ligtear dúinn todhchaí níos fearr a roinnt le chéile. Don mhéid sin, táimid an-bhuíoch don sárÉireannach seo. Go ndéana Dia grásta air.”

Dúirt an Cathaoirleach, an Seanadóir Mark Daly: “Is léiriú siombalach ar a shíorchuardach dochloíte don tsíocháin idir an dá thraidisiún ar an oileán seo an bhratach thrídhathach atá ar crochadh ar leathchrann ag Teach Laighean i gcuimhne ar shaol John Hume. Bainfidh na glúine atá le teacht leas as a bhfuil fágtha le hoidhreacht acu, is é sin, cuimsiú agus meas ar an éagsúlacht, a chruthaigh John Hume trína chreideamh diongbháilte agus cur chun cinn síoraí na síochána dá chuid.”

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn