Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

CLG, Cumann Rugbaí na hÉireann agus FAI os comhair an Choiste Oireachtais um Fhreagra ar Covid-19.

17 MFómh 2020, 15:18

Cloisfidh an Coiste Oireachtais um Fhreagra ar Covid-19 ó oifigigh ó CLG, Cumann Rugbaí na hÉireann agus FAI maidir leis an tionchar atá ag paindéim an choróinvíris ar chúrsaí spóirt in Éirinn, ag cruinniú i dTeach Laighean amárach, Dé hAoine an 18 Meán Fómhair.

Tiocfaidh ionadaithe freisin ó Spórt Éireann agus ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltacht i láthair os comhair an Choiste de TDanna i Seomra an tSeanaid i rith dhá sheisiún amárach.

  • Láithreoidh Seán Ó hÓráin, Uachtarán, CLG, Tomás Ó Riain, Ard-Stiúrthóir, CLG, Philip Browne, Ard-Fheidhmeannach, Cumann Rugbaí na hÉireann, Stephen McNamara, Stiúrthóir Cumarsáide, Cumann Rugbaí na hÉireann, Gary Owens, Ard-Fheidhmeannach Eatramhach, FAI, Mark Scanlon, Stiúrthóir, Sraith na hÉireann, FAI, os comhair an Choiste ar 10.30am.
  • Tá John Kelly, Leas-Rúnaí (Gníomhach), an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltacht, John Treacy, Ard-Fheidhmeannach, Spórt Éireann, ar na finnéithe a láithreoidh os comhair an Choiste nuair a athchromfar ar an gcruinniú ar 1pm.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Mícheál Mac Conmara, T.D.: “Bhí tionchar ollmhór ar chomhlachtaí spóirt, ar imreoirí agus ar a lucht leanúna de bharr na srianta sláinte poiblí mar fhreagra ar Covid-19. Ar na dúshláin a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu faoi na treoirlíne leantacha atá i bhfeidhm, tá srianta ar shluaite agus ar an líon daoine a gceadaítear dóibh a bheith i láthair ag ócáidí.

Tá an Coiste ag tnúth le cloisteáil ó FAI, Cumann Rugbaí na hÉireann agus CLG faoi na pleananna atá acu chun na dúshláin seo a shárú agus faoin obair atá idir lámha ag na trí eagraíocht chun treochlár a fhorbairt d’fhilleadh sábháilte lucht faire cluichí ar staideanna.

“Fáiltíonn an Coiste freisin roimh an deis éisteacht le hoifigigh ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltacht agus ó Spórt Éireann faoi na pleananna atá ar bun chun tacú le comhlachtaí spóirt sna míonna atá amach romhainn.”

Is go cianda a láithreoidh na finnéithe ó Chumann Rugbaí na hÉireann agus ón Roinn. Láithreoidh na finnéithe ó FAI, CLG agus Spórt Éireann ó Sheomra Coiste 2.

Is féidir imeachtaí an chruinnithe a fheiceáil beo anseo.

 

Barr
Roinn