29 MFómh 2020, 16.34
Tiocfaidh an Comhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht le chéile den chéad uair amárach, Dé Céadaoin an 30 Meán Fómhair ar 3 p.m. i Seomra Coiste 2, Teach Laighean.
Déanfaidh Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Niamh Nic Gabhann cur i láthair gairid agus ansin déanfaidh an Coiste breithniú i dtaobh Leaschathaoirleach a thoghadh. Ansin, rachaidh an cruinniú i seisiún príobháideach chun gnó an Choiste a phlé, lena n-áirítear a chlár oibre.
14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.
Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas TV.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas an Choiste
Teachtaí
Fine Gael
Fine Gael
Independent
Fine Gael
Independent
Sinn Féin
Sinn Féin
Fianna Fáil
Fianna Fáil
Seanadóirí
Fianna Fáil
Fine Gael
Fianna Fáil
Labour Party
Sinn Féin