Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Éistfidh an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid leis an Aire Ó Donnchú

30 MFómh 2020, 11:49

Éisfidh Coiste an Oireachtais um Fhormhaoirsiú Buiséid leis an Aire Airgeadais Pascal Ó Donnchú amárach, Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair mar chuid dá Idirghabháil Réamh-Bhuiséid.

Tiocfaidh an tAire Ó Donnchú i láthair an Choiste i dTeach Laighean, Seomra Coiste 4 ar 1 p.m.

Ag labhairt di roimh chruinniú an Choiste, dúirt an Cathaoirleach, Neasa Ní Argáin T.D: “Táthar ag súil go bhfógrófar mionsonraí Bhuiséad 2021 faoi cheann coicíse, Dé Máirt an 13 Deireadh Fómhair. Is deis í an seisiún réamh-Bhuiséid seo leis an Aire an straitéis a bhaineann leis an mBuiséad agus na cinntí tábhachtacha buiséadacha atá á ndéanamh i gcomhthéacs phaindéim Covid-19 agus tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach a phlé, ar deis í a gcuireann an Coiste fáilte roimpi.”

Breathnaigh ar imeachtaí an Choiste beo. 

Foghlaim faoi chomhaltas agus ról an Choiste anseo.

Barr
Roinn