Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Éistfidh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge leis an gCoimisinéir Teanga

20 DFómh 2020, 11:52

Beidh cruinniú ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge amárach Dé Céadaoin ar 2 p.m. i Seomra Coiste 2, Teach Laighean nuair a thiocfaidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill i láthair.

Roimh an gcruinniú, Dúirt Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh TD: “Tá an Coiste ag súil go mór leis an gcéad chruinniú den téarma Dála seo leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill chun Bille na Teangacha Oifigiúla (Leasú), 2020 a phlé.”

Dúirt Cathaoirleach an Chomchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Mar choiste, tá suim ar leith againn i bhforálacha an Achta bheartaithe a phlé agus in éisteacht le tuairimí an Choimisinéara Teanga maidir leis na cumhachtaí forfheidhmiúcháin a bheidh ag teastáil, má tá an oifig aige le bheidh in ann feidhmiú go héifeachtúil sa todhchaí, agus má táthar chun a chumasú di a chinntiú go ndéanfaidh gach Roinn Stáit agus Comhlacht Poiblí a ndualgas reachtúil réimse iomlán seirbhísí dhátheangacha a sholáthar don phobal a chomhlíonadh go hiomlán agus go gníomhach.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh freisin: “Ar an drochuair, is léir go ndearna Ranna Stáit agus Comhlachtaí Poiblí a mhéid a chomhlíon siad an reachtaíocht reatha, Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, a sheachaint agus gan béim a chur air. Is soiléir anois, nach ndearna an córas reatha pleananna teanga a chuid cuspóirí a bhaint amach agus nach bhfuil sé oiriúnach don fheidhm. Ní mór anois córas nua caighdeán teanga a chur in ionad an chórais sin, mar atá tarlaithe i dtíortha eile. Creideann an Teachta Ó Snodaigh gur gá cumhachtaí soiléire, cinnte agus éifeachtacha a thabhairt d’oifig an Choimisinéara Teanga chun a chinntiú go mbainfear amach na caighdeáin seo agus go gcloífidh gach Roinn Stáit agus Comhlacht Poiblí leo.

Breithneoidh an Coiste an Tuarascáil Bhliantúil, 2019 agus an Tuarascáil Faireacháin, 2019 ón gCoimisinéir Teanga ag an gcruinniú.

Féafar breathnú ar an gcruinniú amárach i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas TV.

Le teacht ar tuilleadh faisnéise faoi obair Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste.

Barr
Roinn