Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a phlé

23 DFómh 2020, 15:21

Ag a chruinniú ar an 21 Deireadh Fómhair 2020, phléigh comhaltaí Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge cinneadh an rialtais Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020 a chur ar aghaidh chuig an gComhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht i gcomhair Chéim an Choiste den Bhille.

Tar éis dó a bhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin, chomhaontaigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go n-iarrfadh sé ar Phríomh-Aoire an Rialtais agus ar Choiste Gnó na Dála  an cinneadh sin a chealú agus Ord nua a eisiúint agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020 a chur ar aghaidh chuig an gComhchoiste seo.

Chomhaontaigh an Comhchoiste gurb iad seo a leanas na fáthanna a bhfuil sé níos oiriúnaí go ndéanfaidh an Comhchoiste seo seachas an Comhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht an Bille a thógáil trí Chéim an Choiste:

(i)        Is é an Comhchoiste seo a rinne an grinnscrúdú réamhreachtach ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017.

(ii)       Tagann Acht na dTeangacha Oifigiúla faoi réim Choiste.

(iii)      Is é Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an t-aon chomhchoiste i dTithe an Oireachtais ag a bhfuil an saineolas iomlán is gá chun an Bille seo nó aon bhille eile a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta agus cúrsaí phobal labhartha na Gaeilge a láimhseáil, toisc gurb é Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an t-aon chomhchoiste ar a bhfuil na comhaltaí go léir, seachas comhalta amháin, ina gcainteoirí líofa sa dá theanga oifigiúil de chuid an Stáit, an Ghaeilge agus an Béarla araon.

(iv)     Tá stádas ar leith ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge maidir leis an nGaeilge agus gach rud a bhaineann léi; is stádas é sin atá á aithint ag pobal na Gaeltachta, pobal labhartha na Gaeilge agus muintir na hÉireann i gcoitinne, agus cuireann siad fáilte roimhe.

 

Chomh maith leis sin, ag a chruinniú an mhí seo caite, chomhaontaigh an Coiste um Buan-Orduithe agus Athleasú na Dála tuarascáil maidir le horduithe tagartha an Choiste théamaigh. Luaitear sa tuarascáil sin: “Maidir le cumhacht shonrach Choiste na Gaeilge chun déileáil le reachtaíocht, is leis an gcumhacht sin a choinneáil a éascófar don choiste sin grinnscrúdú réamhreachtach a dhéanamh agus Céim an Choiste de Bhillí a bhreithniú.”

Barr
Roinn