Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Shláinte le ceisteanna a chur ar FSS faoin gcóras tástála agus rianaithe

27 DFómh 2020, 14:40

Cuirfidh Comhchoiste an Oireachtais um Shláinte ceisteanna ar ionadaithe de chuid FSS maidir leis an gcóras tástála agus rianaithe do Covid-19 ag cruinniú a bheidh ann amárach, Dé Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair i dTeach Laighean.

Tionólfar an cruinniú de Theachtaí Dála agus de Sheanadóirí i Seomra Coiste 2 agus beidh finnéithe i láthair go cianda óna 11.30am.

Is iad seo a leanas a dhéanfaidh ionadaíocht ar son FSS: Niamh O’Beirne, Ceannaire Tástála agus Rianaithe; an Dr Kevin Kelleher, Stiúrthóir Cúnta Náisiúnta don tSláinte Phoiblí/Sláinte an Linbh agus Damien McCallion, Stiúrthóir Náisiúnta Bainistíochta Éigeandála agus Ard-Stiúrthóir CAOC (Comhar agus Oibriú le Chéile).

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste Seán Mac Concradha, TD: “Tá daoine ag leanúint d’íobairtí ollmhóra pearsanta a dhéanamh chun scaipeadh an ghalair seo a chosc agus tá géarú tagtha ar na híobairtí sin agus srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm anois. Tá córas tástála agus rianaithe ar féidir leo muinín a chur ann tuillte acu. Teastaíonn uatha a fhios a bheith acu go bhfuil córas i bhfeidhm atá ullamh le déileáil le tonnta eile den ghalar.

“D’iarr comhaltaí cruinniú le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nuair a chuala siad nach raibh an córas tástála agus rianaithe in ann déileáil leis an éileamh a bhí air le déanaí, agus gur iarradh ar isteach nó amach le 2,500 duine a raibh tástáil dhearfach Covid-19 faighte acu foláireamh a thabhairt dá gcuid dlúth-theagmhálaithe féin, in áit cabhair ó fháil ó rianaí teagmhálaithe. Fáiltíonn comhaltaí roimh an deis seo nuashonrú a fháil ar an mbealach a bhfuil an córas tástála agus rianaithe ag feidhmiú anois, conas is féidir cás cosúil leis a sheachaint agus cén chaoi ar tharla sé gur iarradh, trí theachtaireachtaí téacs, ar dhaoine a raibh tástáil dhearfach Covid-19 faighte acu foláireamh a thabhairt dá gcuid dlúth-theagmhálaithe féin, á spreagadh lena gcuid gluaiseachtaí a shrianadh agus le tástáil a lorg láithreach.

“Tá córas tástála agus rianaithe téagartha riachtanach le cinntiú go n-aithnítear agus go sriantar ráigeanna den ghalar. Mura bhfuil córas mar é againn cuirfear srian lenár gcumas deireadh a chur le Covid-19 sa tsochaí agus d’fhéadfaí muinín an phobail i srianta Leibhéal 5 a chur i mbaol.”

Is éard is CAOC (Comhar agus Oibriú le Chéile) ann ná páirtnéireacht idir na Seirbhísí Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann, a éascaíonn comhar trasteorann i gcúram sláinte agus i gcúram sóisialach.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

Barr
Roinn