Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun breithniú a dhéanamh ar an ábhar ‘Breis maoinithe d’Fhoras na Gaeilge agus Scéim Pobal Gaeilge 2016-2020

12 Samh 2020, 16:06

Ag a chruinniú ar an 11 Samhain 2020 rinne Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge breithniú ar an ábhar ‘Breis maoinithe d’Fhoras na Gaeilge agus Scéim Pobal Gaeilge 2016-2020’.

Tar éis breithniú a dhéanamh ar an ábhar, chomhaontaigh an Comhchoiste an dá rún seo a leanas: -

  • go n-aontaíonn Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge gur chóir don Rialtas breis maoinithe a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge sna meastacháin athbhreithnithe do 2021 agus an t-éileamh seo a chur chuig na hAirí cuí agus chuig an Taoiseach.
  • go dtacaíonn Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge leis an obair atá ar siúl ag grúpaí SPG [Scéim Pobal Gaeilge 2016-2020] sa phobal agus go n-iarrtar ar an Aire Caitríona Ní Mháirtín agus ar an Aire Stáit Seán Mac Ambróis seasamh isteach agus a chur in iúl go soiléir d’Fhoras na Gaeilge, anois, go mbeidh airgead breise acu go cinnte in 2021, gur gá tosaíocht a dhéanamh leis an airgead breise sin le cur leis an líon grúpaí SPG agus:
    • le €55,000 a chinntiú do gach scéim sa SPG nua,
    • lena chinntiú nach mbeidh aon idirdhealú maoinithe déanta ar SPG lonnaithe i gceantar le líonra Gaeilge nó baile seirbhíse Gaeltachta.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Go bhfuil obair ar leith ar siúl ag grúpaí ar fud na tíre faoi Scéim Pobal Gaeilge 2016-2020 agus go mbeidh sé an-deacair orthu leanúint leis an obair thábhachtach seo gan a fhios a bheith acu go luath go mbeidh an t-airgead breise ar fáil dóibh in 2021”.

Le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste, anseo

Barr
Roinn