21 Ean 2021, 16:47
Amárach, tosóidh Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge den Dáil a bhreithniú ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 (Céim an Choiste sa Dáil).
Reáchtálfar an cruinniú den ag 10.00 roimh nóin i Seomra na Dála, Teach Laighean.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh:“Is deis iontach é an Bille seo chun Acht nua a chur i bhfeidhm; Acht a chinnteoidh seirbhísí poiblí dátheangacha do phobal na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge araon chomh luath agus is féidir. Ach tá forálacha an Bhille mar atá sé dréachta faoi láthair i bhfad Éireann ró-lag chun an chuspóra tábhachtaigh sin a bhaint amach. Mar sin tá Teachtaí Dála ó thaobh an fhreasúra agus an rialtais araon tar éis níos mó ná 300 leasú a leagan faoi bhráid an Roghchoiste agus an Aire. Tá súil agam go nglacfaidh an tAire leis na moltaí seo le linn Céim 3 nó Céim 4 den Bhille sa Dáil”
Le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo
Comhaltas coiste
Teachtaí