Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An ceathrú seisiún de Chéim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 a bheidh ag leanúint ar aghaidh amárach

1 Feabh 2021, 15:15

Amárach, beidh Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge den Dáil ag leanúint ar aghaidh lena bhreithniú ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 (Céim an Choiste sa Dáil).

Suífidh an Roghchoiste ó 1.00 p.m. go dtí 3.00 p.m. i Seomra na Dála, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Ag an tríú seisiún den Roghchoiste ar an Aoine seo caite, léirigh comhaltaí an Roghchoiste cé chomh buartha is a bhí siad faoin easpa eolais ar an gcaighdeán teanga a bheidh de dhíth ag fostaithe dátheangacha sa tseirbhís phoiblí nuair a chuirfear forálacha an Bhille seo i bhfeidhm faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá muid tar éis a iarraidh ar an Aire sonraí an chaighdeáin sin a chur ar fáil dúinn roimh dheireadh Chéim an Choiste, ionas gur féidir linn ár mbreithniú a dhéanamh orthu. Ní leor cúpla focal sa Ghaeilge a bheith ag fostaí ionas gur féidir é nó í a chur san áireamh mar fhostaí dátheangach sa tseirbhís phoiblí. Ní bheadh an pobal sásta lena leithéid de chaighdeán i gcomhair an Bhéarla, agus ní bheidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sásta lena leithéid de chaighdeán bunúsach i gcomhair na Gaeilge ach oiread. Ní féidir fostaithe a earcú mar fhostaithe dátheangacha sa tseirbhís phoiblí mura bhfuil siad líofa i gceachtar de dhá theanga oifigiúla an Stáit; an Ghaeilge agus an Béarla araon. Tá súil agam go dtabharfaidh an tAire soiléiriú dúinn ar an gceist seo ag ár gcruinniú amárach agus go gcuirfear dréacht de shonraí an chaighdeáin a bheidh de dhíth faoin Acht nua ar fáil dúinn go luath.”

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo

Barr
Roinn