Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An t-ochtú seisiún de Chéim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a bheidh ag leanúint ar aghaidh amárach

8 Márta 2021, 16:43

Leanfaidh Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar aghaidh le seisiún a 8 de Chéim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 i Seomra na Dála ag 12.30 iarnóin amárach. Suífidh an Roghchoiste go dtí 2.30 iarnóin.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: -

Ag an gcruinniú príobháideach de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an 3 Márta 2021, chomhaontaigh an Comhchoiste a iarraidh ar an Aire tairiscint maidir le treoir a chur síos chun scóip Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a dhéanamh níos leithne ná an scóip chúng atá aige faoi láthair.

Mar sin, ag cruinniú Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge amárach beidh mé ag iarraidh ar an Aire déanamh amhlaidh. Beidh mé ag moladh don Aire go leathnófar scóip an Bhille mar seo a leanas:

“Acht chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i ngach earnáil, comhlacht, eagraíocht, agus eintiteas eile a bhfuil ina muirear nó ina mhuirear ar ioncam an Stáit, go hiomlán nó go pointe áirithe; agus i ngach earnáil, comhlacht, eagraíocht, agus eintiteas eile a thagann faoi choimirce nó faoi stiúir an Stáit, an Rialtais, aon Aire den Rialtas nó aon Roinn Stáit; eagraíochtaí ealaíne, gnó, oideachais, pleanála, rialtas áitiúil, spóirt agus tithíochta, san áireamh.”

Is léir ó mhéid na leasuithe dearfa atá molta ag comhaltaí an Roghchoiste, agus ó mhéid na leasuithe, a bhfuil comhairle tugtha dom, mar Chathaoirleach, iad a dhícheadú, go bhfuil scóip Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, ró-chúng ar fad. Mar atá sé faoi láthair, ní dhéanfaidh sé ach beagán i dtaobh chur cinn na Gaeilge.

Tá  sé ráite ag an Aire ag cruinnithe an Roghchoiste ar an mBille go dtí seo nach bhfuil baint aige le córas na ndícheaduithe in Oifig na mBillí, ná tionchar aige air, agus glacaim leis sin.

Ach is féidir leis an Aire, faoi Bhuan-Ordú 187(2), tairiscint chun scóip an Bhille a leathnú amach a leagan os comhair na Dála. Má dhéanfar amhlaidh, beidh cuid mhór de na leasuithe, a bhfuil comhairle tugtha dom iad a dhícheadú, ceadaithe, agus beidh an Dáil in ann iad a phlé le linn Chéim na Tuarascálacha den Bhille.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo

Barr
Roinn