Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Céim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 le leanúint ar aghaidh amárach

14 Aib 2021, 16:47

Beidh 4 seisiún de Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar siúl an tseachtain seo chun a bhreithniú ar Chéim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019  a chríochnú. Beidh dhá sheisiún ar siúl amárach (An Déardaoin) agus  dhá sheisiún ar an Aoine, ag 12.30 go 2.30 iarnóin agus ag 3.30 go 5.30 iarnóin. Beidh na seisiúin ar siúil i Seomra na Dála.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh:"Is é Leasú 140 a bhaineann le halt 6 den Bhille an chéad leasú a bheidh á phlé againn amárach. Baineann an leasú sin agus na leasuithe ina dhiaidh le hAlt 6 den Bhille agus leis an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge a bheidh á cheapadh ag an Aire chun maoirseacht a dhéanamh idir seo agus 2030 ar an bpróiseas chun seirbhís dhátheangach iomlán a chur ar fáil fud fad na seirbhíse poiblí.

"Cuireann sé díomá agus mearbhall ormsa agus ar roinnt chomaltaí eile an Roghchoiste go bhfuil sé beartaithe go bhfeidhmeoidh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge trí mheán an Bhéarla seachas trí mheán na Gaeilge. I mo thuairimse féin, déanann an cinneadh sin preit agus cíor thuathail den phróiseas ón tús, agus táim ag iarraidh ar an Aire an cinneadh sin gan chiall a athrú, agus a chinntiú go bhfeidhmeoidh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge trí mheán na Gaeilge, agus go mbeidh acmhainní ateangaireachta ar fáil dó a bheidh díreach cosúil leis na hacmhainní ateangaireachta a bhaineann mo Choiste féin, Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, úsáid astu, gan fadhb ar bith."

Is féidir imeachtaí na gcruinnithe a fheiceáil beo anseo.

Barr
Roinn