Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cruinniú le reáchtáil ag an gCoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht le LAMA agus AILG chun ábhair rialtais áitiúil a phlé, agus an Bille faoin nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún san áireamh.

10 Beal 2021, 16:57

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht chun an Bille faoin nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún agus ábhair rialtais áitiúil a phlé, féach air beo, ó 12.30pm amárach.

Labhróidh na finnéithe seo a leanas ag an gcruinniú, i Seomra Coiste 3

·An Comhairleoir Mary Hoade,  Uachtarán, Aontas Rialtais Áitiúil na hÉireann    

·An Comhairleoir John Joe Fennelly,  Leas-Uachtarán, Aontas Rialtais Áitiúil na hÉireann

·An Comhairleoir Ann Colgan, Toscaire, Aontas Rialtais Áitiúil na hÉireann        

·An Comhairleoir Michael Anglim, Cathaoirleach, Cumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil

·An Comhairleoir John Sheahan, Ard-Rúnaí, Cumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil

·An Comhairleoir Joe Malone, Oifigeach Idirchaidrimh an Oireachtais, Cumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Steven Matthews, TD: “I mí Feabhra, d’fhoilsigh an tAire an Bille, agus é mar aidhm talamh stáit agus phoiblí a bhainistiú agus a fhorbairt d’fhonn tithíocht inacmhainne agus tithíocht ar Cíos de réir Costais  a chur ar fáil ar scála chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa mhargadh tithíochta agus chun cabhrú le húdaráis áitiúla tithíocht a sholáthar. Agus muid ag smaoineamh air sin, beidh tuairim LAMA agus AILG tráthúil. Is í an tithíocht an dúshlán is mó atá romhainn fós agus muid ag teacht thar an bpaindéim, agus gné ríthábhachtach de sin ná tithe inacmhainne agus tithe ar Cíos de réir Costais a sholáthar agus rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil ar fud na tíre. Beidh an Roghchoiste ag plé go luath le Céim an Choiste den Bhille.”

Le haghaidh níos mó eolais faoi obair an Chomhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht féach ar leathanach gréasáin an Choiste.

Barr
Roinn