Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin le cruinniú a reáchtáil amárach chun Aighneachtaí Réamhbhuiséid a mheas

11 Beal 2021, 12:43

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin amárach le haghaidh plé faoi Aighneachtaí Réamhbhuiséid agus beidh Gairdíní Pobail Éireann agus An Roth i láthair aige.

Reáchtálfar an cruinniú beo ar Theilifís an Oireachtais ar 9.30am ó Sheomra Coiste 3.  

Tá Gairdíní Pobail Éireann ag feidhmiú ó bhí 2011 ann, agus cuimsíonn sé os cionn 100 grúpa agus comhlachas um ghairdíní agus gharraithe scóir pobail ar fud oileán na hÉireann. Is é An Roth comhlachas náisiúnta na hÉireann um eagraíochtaí pobail agus deonacha, carthanais agus fiontair shóisialta. 

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Denis Naughten TD: “Tá an Coiste ag oibriú amach próisis chun aighneachtaí a chur faoi bhráid an Rialtais le meas mar chuid de phróiseas Bhuiséad 2022, an tseachtain seo caite bhí dhá eagraíocht finné i láthair agus Buiséad 2022 i gcuimhne. Chomh maith le caiteachas, táimid ag breathnú ar chur i bhfeidhm seirbhísí a rachaidh chun leasa dár gcuid saoránach agus arís an tseachtain seo, beidh ról lárnach ag finnéithe inár gcuid comhairle as seo amach.

Dúirt an Cathaoirleach Naughten freisin: “Ba mhór an spreagadh é seiftiúlacht na ngarraíodóirí pobail a fheiceáil, i dtaca le hacmhainní a roinnt agus smaointe a mhalartú ar fud ardáin meán sóisialta le linn na paindéime. Bíonn garraithe scóir thar a bheith leasmhar do dhaoine, i dtaca le tairbhí fisiceacha agus meabhrach araon, agus cuidíonn siad leis an gcomhshaol chomh maith.  

“Mar a leagadh amach sa tuarascáil ar athrú aeráide ón nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil i mí Eanáir 2020, tá níos mó ná 2,400 garraí scóir údaráis áitiúil agus 97 gairdín pobail ann ar fud na hÉireann. Tabharfaidh Gairdíní Pobail Éireann léargas úsáideach ar an bhfás atá ag teacht ar an bpobal sin agus ar conas is fearr tacaíocht a thabhairt dó.  

“Ar an gcaoi chéanna, beidh An Roth in ann an méid a foghlaimíodh go comhoibritheach a phlé, agus níl aon amhras ach gur foghlaimíodh go leor le linn na paindéime agus gníomhaireachtaí stáit ag idirnascadh le baill den Roth chun seirbhísí thar a bheith tairbhiúil a sholáthar do shaoránaigh. Beidh léargas an Rotha faoi conas a bheidh Buiséad 2022 múnlaithe fíorluachmhar agus an t-ábhar á mheas againn.”

Le haghaidh níos mó eolais faoi obair an Choiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin féach ar leathanach gréasáin an Choiste.

Barr
Roinn